Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Seanad Éireann á chomóradh ag an Uachtarán Ó hUigínn

Dáta: Dom 28th Mei, 2020 | 07:21

Tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn, de réir chomhairle an Taoisigh faoi Airteagail 18.8 den Bhunreacht, tar éis Seanad Éireann a chomóradh inniu i gcomhair a chéad chruinnithe tar éis Olltoghchán 2020.

Ina Fhorógra, shocraigh an tUachtarán Ó hUigínn Dé Luain 29ú Meitheamh, 2020 mar dháta an chéad suí den 26ú Seanad.