Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Filleann an tUachtarán Higgins ar Áras an Uachtaráin

Dáta: Déa 7th Már, 2024 | 14:30

D’fhill an tUachtarán Michael D. Ó hUiginn tráthnóna inniu go dtí Áras an Uachtaráin tar éis a scaoileadh amach as Ospidéal San Séamas.

Ghabh an tUachtarán buíochas le foireann uile Ospidéal San Séamas as an gcúram a fuair sé tar éis é a ghlacadh isteach oíche Déardaoin seo caite. Tá an t-ádh ar Éirinn foireann leighis iontach, thiomanta agus chomhbhách a bheith againn.

Lean an tUachtarán ar aghaidh ag comhlíonadh a dhualgais bhunreachtúla agus é san ospidéal agus an tseachtain seo rinne sé breithniú agus síniú ar dhá phíosa reachtaíochta – an Bille Rialtais Áitiúil (Méara Luimnigh) agus Forálacha Ilghnéitheacha 2023 agus an Bille Leasa Shóisialaigh agus an Dlí Shibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2023. Tá dhá phíosa reachtaíochta eile á mbreithniú ag an Uachtarán faoi láthair – an Bille um Cheartas Coiriúil (Rannpháirtíocht Leanaí i nGníomhaíocht Choiriúil) 2023 agus an Bille um Barántas Gabhála Eorpach (Leasú) 2022.

Tá an tUachtarán ag súil lena chruinniú réamhsceidealta leis an Taoiseach Leo Varadkar in Áras an Uachtaráin tráthnóna amárach.