Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanfaidh an tUachtarán óstáil ar sheimineár faoi "Athsmaoineamh ar Ról an Stáit i gcothú Geilleagair Inbhuanaithe agu

Dáta: Lua 11th Sam, 2019 | 14:39

Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn óstáil ar sheimineár faoi "Athsmaoineamh ar Ról an Stáit i gcothú Geilleagair Inbhuanaithe agus Chuimsithigh" in Áras an Uachtaráin, Dé Máirt 12 Samhain.

Is tionscnamh de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn atá sa seimineár agus tá sé  mar aidhm aige plé a dhéanamh ar ról an Stáit agus ar na céimeanna atá riachtanach chun samhlacha nua den fhorbairt a chothú a chothromaíonn an eacnamaíocht, an éiceolaíocht, an eitic agus an comhtháthú sóisialta.

Beidh an Dr. Mary Murphy ó Ollscoil Mhaigh Nuad ina cathaoirleach agus cloisfear ionchur ón Uachtarán Micheál D. O hUigínn, ón Ollamh Mariana Mazzucato agus ón Ollamh Ian Gough.

Ó insealbhaíodh é in 2011, d'fhéach an tUachtarán Ó hUigínn le díospóireacht níos forleithne faoin athrú sochaíoch a chur chun cinn,  agus dul i ngleic le roinnt topaicí suntasacha. Ar cheann de na téamaí sin bhí ceist an bheartais eacnamaíochta agus an cheaptha beartais. I gcuid mhaith dá aithisc, labhair an tUachtarán Ó hUigínn faoin tábhacht le tuilleadh rannpháirtíochta poiblí i bpróisis an cheaptha beartais eacnamaíochta agus le díospóireacht a spreagadh faoi na beartais a bhfuil an éagothroime atá ag dul i méid agus bagairtí ar an bpláinéad mar thoradh orthu.

Tá sé mar aidhm ag an seimineár spás a sholáthar le plé a dhéanamh ar an tslí chun "an pharaidím éiceolaíochta-shóisialta" nua a bhfuil an tUachtarán tar éis a bheith ag labhairt fúithi, a chur chun cinn, agus é mar chuspóir léi an damáiste sóisialta agus timpeallachta a thiontú thart, an éagothroime a laghdú agus an baol don chomhtháthú sóisialta a laghdú. 

Ina chuid oibre, go háirithe in ‘Heat, Greed and Human Need’, tá breac-chuntas tugtha ag an Ollamh Gough ar an tslí ar féidir le paraidím mhalartach, fréamhaithe i gcoincheap an riachtanais dhaonna, tacú le comhionnanas inscne agus le dáileadh ioncaim, saibhris agus acmhainní ar shlí níos cothroime.

Tá a saothar dírithe ag an Ollamh Mazzucato ar athmhachnamh ar ról an bheartais phoiblí i múnlú an bhorrtha eacnamaíochta, ní hamháin a ráta ach a threo chomh maith.  Pléifidh an tOllamh Mazzucato an fáth nach mór do theoiric na heacnamaíochta athmhachnamh a dhéanamh ar ról an bheartais, ar shiúl ó dheisiú teipeanna an mhargaidh i dtreo chruthú agus mhúnlú na margaí go gníomhach i gcomhar lena chéile chun torthaí a chur ar fáil ar leas an phobail. Agus é seo á dhéanamh aici, ceisteoidh sí tuairimí faoin luach poiblí, faoin gcuspóir poiblí agus faoi thuairim níos leithne faoi leas an phobail mar sprioc uilíoch, ní mar cheartú amháin.