Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn crann i dtailte Áras an Uachtaráin i gcuimhne ar Tom Johnson, údar Clár Oibre Poblacánaighe (na

Dáta: Déa 27th Aib, 2023 | 15:21

Beidh an crann á chur roimh Lá Bealtaine, ar ócáid bhunaithe Chumann Staire Lucht Saothair na hÉireann 50 bliain ó shin
 
Chuir Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, crann agus nocht sé plaic chuimhneacháin in Áras an Uachtaráin inniu i gcuimhne ar Tom Johnson, údar Clár Oibre Poblacánaighe (na Chéad Dála).
 
Rugadh Tom Johnson i Learpholl ar an 17 Bealtaine 1872, agus bhásaigh sé 60 bliain ó shin ar an 17 Eanáir 1963. Mar cheannaire ar Pháirtí Lucht Oibre na hÉireann, bhí Johnson ar an gcéad Cheannaire ar an bhFreasúra ó 1922 go 1927.
 
Cuireadh an crann darach roimh Lá Bealtaine gar do - 'An Céachta agus na Réaltaí - píosa ealaíne poiblí a nocht an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn in 2018 i gcuimhne ar Fhrithdhúnadh Mór 1913, Arm Cathartha na hÉireann agus a chéad rúnaí agus staraí, an drámadóir Seán O’Casey.
 
Cuireadh an crann i bpáirt le hócáid a chomóir bunú Chumann Staire Lucht Saothair na hÉireann 50 bliain ó shin. Bhí baill agus lucht leanúna ghluaiseacht lucht saothair na hÉireann i láthair ag an ócáid, ina measc Uachtarán Chomhdháil na gCeardchumann, Kevin Callinan, Ard-Rúnaí CSTGT, Joe Cunningham, Ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik, agus iarcheannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ruairí Quinn.
 
Thug an tUachtarán Ó hUigínn agus Shay Cody, Uachtarán Chumann Staire Lucht Saothair na hÉireann, agus iarArd-Rúnaí Fórsa aitheasc araon ag an ócáid.
 
Ag labhairt dó ag an imeacht, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 

"I mbliana tugaimid chun cuimhne an ról claochlaithe i ngluaiseacht na gceardchumann sa tír seo a bhí ag Thomas Johnson, a fuair bás 60 bliain ó shin.
 
Ní hamháin go bhfuil gluaiseacht lucht saothair na hÉireann go mór faoi chomaoin ag Tom Johnson, ach tá gach duine a chreideann i ngníomhartha parlaiminte chomh maith; táthar faoi chomaoin aige freisin mar gheall ar an tacaíocht a thug sé do rogha síochánta eile seachas na coimhlintí fuilteacha a bhuail an tír sna scórtha bliain a lean breith an náisiúin.
 
Is é a bhí sa rogha malartach a mhol Johnson ceann ina dtabharfaí aghaidh ar ábhair imní agus leasa roinnte mhuintir uile na hÉireann, meabhrú dúinn go léir gur cheart tús áite a thabhairt do chur i bhfeidhm na síochána i gcónaí seachas don chogadh agus don choimhlint agus na hiarmhairtí fuilteacha a leanann iad ó ghlúin go glúin. 

Ar an Lá Bealtaine seo, deimhnímis ár dtiomantas dár bpáirt i gcruthú sochaí a chuireann deireadh leis na bacainní idir an oiread sin dár muintir agus a rannpháirtíocht iomlán.

Seasaimis gualainn le gualainn leo siúd is leochailí, is lú pá agus is lú cosaint sa tsochaí agus sinn ag troid in aghaidh ghéarchéim an chostais maireachtála. Déanaimis a gcearta a chosaint mar a rinne bunaitheoirí ghluaiseacht na gceardchumann, amhail Tom Johnson, níos mó ná céad bliain ó shin."