Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUiginn in iúl a chomhbhrón faoi íospartaigh na tubaiste traenach a tharla le déanaí sa Ghailís

Dáta: Déa 1st Lún, 2013 | 14:46

Maidin inniu bhuail an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn le hUachtarán Xunta na Gailíse (Rialtas Féinrialaitheach an Réigiúin), an tUas. Alberto Nunez Féijóo in Porto do Son, An Ghailís. Chomh maith leis an dlúthcheangail cultúrtha atá ann ó chianaibh idir Éire agus an Ghailís a phlé, chuir an tUachtarán a chomhbhrón pearsanta in iúl don Uachtarán Nunez Féijóo faoinar maraíodh go tragóideach sa tubaiste traenach a tharla le déanaí gar le Santiago de Compostela.

Tráthnóna inné, thug an tUachtarán Ó hUiginn cuairt ar Santiago de Compostela agus chas sé le Méara na cathrach, an tUas. Ángel Currás Fernández, chomh maith le hArd-Easpag Santiago de Compostela, Julián Barrio Barrio. I dteannta le Méara Currás, leis an Ard-Easpag Barrio agus le hAmbasadóir na hÉireann chun na Spáinne, an tUas. Justin Harman, thug an tUachtarán cuairt ar an Ard-Eaglais in Santiago (ceann scríbe do na mílte oilithreach, lena n-áirítear an iomad ó Éirinn a thugann Camino San Séamus orthu féin) agus leag bláthfhleasc i gcuimhne orthu siúd a fuair bás sa tragóid a tharla le déanaí.