Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUiginn ar Chuairt Oifigiúil ar an Iodáil.

Dáta: Sat 9th Fea, 2013 | 15:10

Tabharfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUiginn cuairt oifigiúil ar an Iodáil ón gCéadaoin an 6 Feabhra go dtí an Satharn an 9 Feabhra. Beidh an turas seo ar cheann de dhá thuras a thabharfar ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh le linn thréimhse Uachtaránachta na hÉireann. Amach sa mhí rachaidh an tUachtarán ar chuairt oifigiúil chun na Fraince.

Fágfaidh an tUachtarán, agus Sabina Higgins ina chuideachta, maidin Dé Céadaoin, an 6 Feabhra. Cuirfidh Ambasadóir na hÉireann chuig Poblacht na hIodáile, an tUasal Patrick Hennessy, fáilte roimhe ag ceann scríbe. San iarnóin, in Ollscoil na Róimhe Tre, tabharfaidh an tUachtarán an t-aitheasc tosaigh, “An Léann Éireannach, suntas na deoraíochta agus na taithí imircí” ag Comhdháil de chuid Fondúireacht na hIodáile, ar James Joyce. San iarnóin beidh an tUachtarán i láthair ag fáiltiú in Ambasáid na hÉireann, Villa Spada, leis an bPobal Éireannach thall.

Ar an Déardaoin, an 7ú lá, rachaidh an tUachtarán chuig Coláiste Pontaifiúil na nGael áit a chuirfidh an Reachtaire, An tAthair Ciarán Ó Carroll, maraon le foireann agus mic léinn an Choláiste, fáilte roimhe. Níos déanaí sa lá beidh sé i láthair in Villa Spada, agus tabharfaidh sé aitheasc ag Ócáid do Líonra Gnó na hÉireann, áit a mbeidh Gníomhaireachtaí Stáit na hÉireann agus mór-phearsana ghnó i láthair. Ina dhiaidh sin, tabharfaidh sé cuairt ar Eaglais San Pietro in Montorio, inar adhlacadh Aodh ó Néill agus Ruaidhrí Ó Domhnaill.

Tráthnóna Déardaoin, buailfidh an tUachtarán le hUachtarán Phoblacht na hIodáile sa Phálás Quirinale. Beidh sé ina aoí onóra ag ceolchoirm agus ag fáiltiú faoi scáth an Uachtaráin Napolitano mar chomhartha aitheantais d’Uachtarántacht na hÉireann ar an Aontas Eorpaigh. Is iad Altan, ceolghrúpa traidisiúnta as Éirinn, a sheinnfidh don bheirt Uachtarán agus do na haíonna iarrtha.

Ar an Aoine, 8 Feabhra, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta de chuid na Náisiún Aontaithe, tráth a bhuailfidh sé leis an Ard-Stiúrthóir, An tUasal Jose Graziano da Silva. Níos moille sa lá, rachaidh sé chuig Eaglais San Isidore na bProinsiasach, mar a bhfuil An tAthair Mícheál Mac Craith ina Reachtaire.

Fillfidh an tUachtarán agus Bean Uí Uiginn abhaile go Baile Átha Cliath ar an Satharn an 9 Feabhra.