Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Higgins ag casadh le hUachtarán Mheicsiceo, Enrique Peña Nieto sa Róimh

Dáta: hAo 1st Már, 2013 | 15:03

Bhí cruinniú ag an Uachtarán Michael D. Higgins le hUachtarán Mheicsiceo, Enrique Peña Nieto sa Róimh ar maidin. Ina theannta bhí an tAire Airgeadais Mícheál O Nuanáin T.D., agus i dteannta an Uachtaráin Peña bhí Rúnaí Roinn Gnothaí Eachtracha Mheicsiceo an tUasal Jose Antonio Meade Kuribreña.

I dtús báire rinne an tUachtarán Higgins comhghairdeas leis an Uachtarán Peña ar a bhua sa toghchán le gairid agus lena rath sa chéad céad lá ina oifig. Thug an tUachtarán Peña cuireadh don Uachtarán Higgins cuairt a thabhairt ar Mheicsiceo agus glacadh lena chuireadh go fonnmhar.

Ag tagairt do na naisc stairiúla agus cultúrtha idir Éire agus Meicsiceo, chuireadar beirt in iúl an fhíorshuim atá acu araon i gcothú an chaidrimh dhéthaobhaigh idir an dá thír, sna raonta cultúrtha agus oideachasúla agus sna raonta trádála agus forbartha eacnamaíochta ach go háirithe.

Thug siad le fios gurb í Meicsiceo an margadh trádála is mo atá ag Éirinn i dtíortha Mheiriceá Laidinigh, ar fiú timpeall billiún Euro in aghaidh na bliana é, agus go bhfuil páirt shuntasach á glacadh ag riar mhaith cuideachtaí Éireannacha i Meicsiceo.

Bhí tagairt don chaidreamh tábhachtach cairdiúl idir níos mo ná céad milliún de mhuintir Mheicsiceo agus muintir na hÉireann; agus tugadh aitheantas do chuid mhaith deacrachtaí comónta, náisiúnta agus idirnáisiúnta, ina measc an eisimirce agus cearta imirceach.

Chomh maith le caidreamh déthaobhach a chur chun cinn, bhí malartú tuairimí idir na hUachtaráin maidir le tábhacht thoghchán an Phápa Proinnsias le gairid agus lena ráiteas dóchais agus dlúthpháirtíochta. Phléigh siad cúrsaí domhanda freisin, ina measc an tábhacht a bhaineann le hardú céime a thabhairt do chearta daonna agus le díriú go héifeachtúil ar laghdú bochtanais agus ocrais, ag an am céanna le fás inbhuanaithe a bhaint amach.

Ag labhairt dó tar éis an chruinnithe dúirt an tUachtarán Higgins: “Tá suim agam le fada an lá i Meicsiceo ó mo chéad chuairt ann mar mhac léinn iarchéime sa bhliain 1967. Ina dhiaidh sin ní hamháin gur léigh mé faoin Batallón de San Patricio (Cathlán Naomh Pádraig) ach chuir mé eolas ar an dídean a thug Meicsiceo don oiread sin deoraithe. Dá bhrí sin bhí ríméad orm cruinniú chomh suntasach a bheith agam leis an Uachtarán Peña, áit ar phléamar réimse leathan saincheisteanna.

Tá comhshuim againn beirt i gcothú an chaidrimh cháirdiúil idir an dá thír agus tá súil agam deis a fháil an athuair casadh lena chéile le linn ár dtéarmaí in oifig.”