Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

President Higgins joins fellow European Heads of State in issuing an invitation to debate the future of Europe

Dáta: Sat 8th Bea, 2021 | 01:00

Lá na hEorpa 2021:

I gcomhar lena chomhghleacaithe, na Ceanna Stáit Eorpacha eile, tá cuireadh á thabhairt ag an Uachtarán Ó hUigínn chun todhchaí na hEorpa a phlé

 

Inniu, roimh an Lá na hEorpa 2021, tá an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn tar éis seasamh le Ceanna Stáit eile na hEorpa agus cuireadh tugtha acu plé níos leithne agus níos cuimsithí a dhéanamh ar thosaíochtaí an Aontais Eorpaigh.

Tháinig an achainí roimh "Lá na hEorpa", lena chuirfear tús leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa. Ina litir, d'iarr na Ceanna Stáit a shínigh í ar shaoránaigh uile an AE an deis uathúil seo a thapú chun ár dtodhchaí roinnte a mhúnlú. 

Tá cóip de litir an Uachtaráin ar fáil anseo.


Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: 

"Ar Lá na hEorpa, iarrtar orainn an tsíocháin agus an t-aontas san Eoraip a cheiliúradh, mar ar éilíodh é i bhForógra Ventotene de chuid Altiero Spinelli agus Ernesto Rossi in 1941. Comórtar cothrom lae 'Dearbhú Schuman' ar Lá na hEorpa, 9 Bealtaine, lá a bhféachann an oiread sin daoine air mar an bpointe tosaigh inár n-aistear roinnte i dtreo Aontas phobail na hEorpa.

Agus an t-aistear sin á chur i gcrích againn, tá cuid mhaith le ceiliúradh againn. Go ró-mhinic agus sinn ag tabhairt faoin díospóireacht thábhachtach agus riachtanach faoin tslí chun an tAontas Eorpach a fheabhsú agus a neartú, déanaimid neamart san iliomad buntáistí le ballraíocht san AE.  Taispeánadh le blianta beaga anuas cad is féidir tarlú má dhéanann an dream a bhíonn ar son an chomhoibrithe Eorpaigh an cás i dtéarmaí geilleagair agus airgeadais amháin, iad ag ceiliúradh an chomh-mhargaidh seachas na luachanna lárnacha iltaobhacha atá cuimsithe sna hinstitiúidí, nó na luachanna sóisialta arb iad croílár an AE.

I mbliana, ar Lá na hEorpa, tapaímis an deis sos a ghlacadh agus machnamh a dhéanamh ar na cúinsí comhaimseartha atá roimh an Eoraip, lena n-áirítear foinsí na míshástachta arbh iad ba chúis uaireanta le dioscúrsa glórach, feargach agus díomách ag teacht ó shráideanna na hEorpa. 

Ní hamháin go bhfuil cuimhne á hiompar ag saoránaigh na hEorpa, ach tacar eispéireas chomh maith, a bhfuil a iarmhairtí á mbrath fós, ón bhfreagairt ar an tubaiste airgeadais agus eacnamaíochta in 2008, a raibh a fhoinse sa bhaincéireacht agus ó na beartais déine a lean é, a laghdaigh an comhtháthú agus a leathnaigh an éagothroime sna ballstáit agus eatarthu.

Tá damáiste as cuimse déanta ag na botúin a rinneadh san am atá caite do chreatlach shóisialta ár nAontais Eorpaigh, agus tá ceacht le foghlaim astu do chúrsaí ár linne. Agus sinn ag réiteach leis an gcuid is measa de phaindéim Covid-19 a chur dínn, ní mór dúinn gan géilleadh d'éilimh ar bheartas na déine atá ag teacht chun cinn ach glacadh leis na bearta atá riachtanach chun an comhtháthú sóisialta ar shráideanna na hEorpa a thógáil agus a neartú.

Ó tháinig mé in oifig mar Uachtarán na hÉireann, tá iarracht déanta agam cur le leathnú na díospóireachta faoin Eoraip, agus an cás á dhéanamh agam na gnéithe fealsúnachta, eiticiúla, agus cultúrtha a chur san áireamh inár n-obair lena chéile, agus an daonnacht agus an dlúthpháirtíocht ar a maireann an 'tionscadal Eorpach' a chosaint.

Inniu, agus Ballstáit an AE ag réiteach chun dul i gcomhairle le saoránaigh na hEorpa maidir lenár dtodhchaí lena chéile, táim tar éis dul i gcomhar le mo chomhghleacaithe - na Ceanna Stáit - chun dul i gcaidreamh an athuair ar shlí chiallmhar agus iontaofa le gnáthdhaoine na hEorpa ar an mbunús go nglactar leis go bhfuil bagairtí uileghabhálacha ann dár saol leanúnach - an t-athrú aeráide, an bhochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus éagothroime atá ag méadú - agus go dteastóidh gníomhú trasnáisiúnta éifeachtach agus bearta freagrachta ag gabháil leis. 

Agus sinn ag iarraidh fís nua don Eoraip aontaithe a mhúnlú lena chéile agus an fhís inspioráideach don Eoraip mar limistéar síochánta agus dlúthpháirtíochta a athmhúscailt, déanaimis ár saothar a bhunú ar an gcomhar le linn na géarchéime déine domhanda seo.

Is é an dúshlán atá romhainn anois, agus ábhar dóchais ann tar éis thréimhse mhillteach na paindéime, tarraingt ar an gcuid is fearr d'fhéitheacha na dlúthpháirtíochta agus na seiftiúlachta a léiríodh chomh maith sin nuair a bhí aghaidh á tabhairt ag sochaí na hEorpa san 20ú haois ar Covid-19.  Ní mór dúinn na tuairimí sin a mhúscailt ar feadh shaoránaigh na hEorpa agus cuireadh a thabhairt machnamh a dhéanamh ar na laigí dúchasacha dár leagan reatha dár saol, ionas go gcruthóimid na hacmhainní atá riachtanach chun glacadh le paraidím nua bunaithe ar an uilíochas, ar an inbhuanaitheacht agus ar an gcomhionannas.

 

  • Is féidir leat litir an Uachtaráin ina iomláine a léamh anseo.