Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireadh tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn d’Innealtóirí Gníomhú ar son na hAeráide

Dáta: Mái 20th Dei, 2020 | 14:13

Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag comhdháil bhliantúil Engineers Ireland.

Is é teideal na comhdhála ‘Engineering Climate Action: Solutions to combat climate change in Ireland’ agus cuirfidh an chomhdháil fóram ar fáil d’innealtóirí, ceannairí gnó, lucht déanta beartas agus daoine eile chun plé a dhéanamh ar ghníomhú ar son na haeráide agus ar ról ceannaireachta na n-innealtóirí  agus iad ag tabhairt aghaidhe ar chliseadh aeráide agus cúnamh á thabhairt acu do phobail atá ag aistriú chuig sochaí níos
acmhainní.  

Beidh an chomhdháil ar siúl mar imeacht fíorúil, tar éis gur cuireadh siar é ó Aibreán 2020, mar gheall ar shrianta COVID-19.

Ba é ceann de théamaí lárnacha in Uachtaránacht Mhichíl D. Uí Uigínn torthaí na heolaíochta agus na teicneolaíochta a chur ar fáil chun tairbhe shóisialta uilíche agus béim á cur ag an Uachtarán ar an tábhacht a bhaineann le húsáid a bhaint as léargais eolaíochta chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra atá roimh an gcine daonna. Tá an cás déanta go seasta ag an Uachtarán go bhfuil sé ríthábhachtach go roinnfí torthaí an taighde agus na bhfionnachtana go cothrom idir náisiúin agus laistigh díobh. 

Ina aitheasc do chomhdháil Engineers Ireland, beidh an tUachtarán ag tógáil ar a aitheasc le gairid don ECFE agus tarraingeoidh sé aird ar ról innealtóirí agus an phobail eolaíochta  agus iad ag tabhairt aghaidhe ar an athrú aeráide, “ an dúshlán comhaimseartha is mó atá romhainn mar áitritheoirí an phláinéid seo atá faoi bhagairt”.  

Agus béim á cur aige ar an gcaoi a ndearna beartais eacnamaíochta, le fiche nó tríocha bliain anuas, neamhaird den tionchar éiceolaíochta, i measc rudaí eile, agus ar an gcaoi ar chuir siad an cine daonna i “mbaol éiceolaíochta”, éileoidh an tUachtarán Ó hUigínn cur chuige nua maidir leis an eacnamaíocht, ceann a bheadh bunaithe ar an gceangal cuí idir an éiceolaíocht, an eacnamaíocht agus an tsochaí, agus ceann “a chomhcheanglóidh an radachas atá i dtuiscint an ghníomhaíochais ar son na haeráide, leis an tuiscint ar an gcothromaíochas agus ar chláir na ngníomhaithe ar son an ionchuimsithe”.  

Déarfaidh an tUachtarán “nach féidir linn leanúint ar aghaidh gan á dhéanamh againn ach  lionsa glas á chur ar bheartais eacnamaíochta…….beartais ar theip orthu go róléir agus a bhfuil damáiste éiceolaíochta á dhéanamh fós acu,” agus gurb é atá de dhíth, ina n-áit sin, paraidím nua “atá curtha le chéile ar chreat de na trí chuspóirí atá intuigthe i Stáit leasa:  athdháileadh, tomhaltas sóisialta agus infheistíocht shóisialta” agus gurb iad a comharthaí sóirt an comhionnanas inscne, an t-athdháileadh ioncaim, an tomhaltas sóisialta athchumraithe” agus pé aistriú acmhainní agus teicneolaíochta ó thíortha saibhre chuig tíortha i mbéal forbartha a chuideoidh leo i ndéileáil le dúshláin an athraithe aeráide agus a chuideoidh leo dul i dtreo na forbartha inbhuanaithe.