Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Óstálann an tUachtarán Fáiltiú Lá Fhéile Pádraig do Thionscal Scannánaíochta na hÉireann

Dáta: hAo 17th Már, 2023 | 16:00

I measc na n-aíonna bhí aisteoirí ‘An Irish Goodbye’ a bhuaigh Oscar, agus lucht ainmnithe ‘An Cailín Ciúin’ agus ‘Banshees of Inisherin’, Brendan Gleeson, ainmní don Aisteoir Tacúil Is Fearr, san áireamh

D’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáiltiú Lá Fhéile Pádraig tráthnóna inniu in Áras an Uachtaráin le ceiliúradh a dhéanamh ar bhaill Chomhphobail Scannánaíochta, Closamhairc agus Ealaíon Taibhiúcháin na hÉireann.
 
Cuireadh fáilte rompu le ceiliúradh a dhéanamh ar ionchur tábhachtach thionscal na scannánaíochta agus réimsí ábhartha eile, ar shochaí na hÉireann. Reáchtáladh an ócáid tar éis do shaothair na hÉireann 14 ainmniúchán a fháil ag Gradaim an Acadaimh, ag an searmanas a bhí ar siúl i Los Angeles an deireadh seachtaine seo caite.

I measc lucht freastalaithe na hócáide bhí an stiúrthóir Ross White agus an t-aisteoir James Martin ó An Irish Goodbye, buaiteoir an Ghradaim Oscair don Ghearrscannán Beo-Aicsin is Fearr; Brendan Gleeson, ainmní don Aisteoir Tacúil Is Fearr, aisteoirí Bríd Ní Neachtain, Jon Kenny agus Sheile Flitton, agus an bainisteoir suímh Eoin Holohan ó ‘The Banshees of Inisherin; chomh maith leis an Stiúrthóir Colm Bairéad, aisteoirí Catherine Clinch agus Andrew Bennett, Léiritheoir Cleona Ní Chrualaoi agus Stiúrthóir Fótagrafaíochta Kate McCullough ó ‘An Cailín Ciúin’. I láthair freisin, bhí an stiúrthóir David Puttnam, a bhuaigh Gradam Oscar, agus ionadaithe ó thionscal scannánaíochta na hÉireann. 

In 2023, tá tríocha bliain caite ó athbhunaíodh Bord Scannán na hÉireann, Fís Éireann mar a thugtar air inniu, i 1993. I láthair ag an bhfáiltiú bhí Príomhfheidhmeannach Désirée Finnegan, Cathaoirleach Susan Bergin agus baill Bhord Fhís Éireann, chomh maith le hionadaithe Chuallacht Stiúrthóirí Scáileáin na hÉireann, Cuallacht Chumadóirí na hÉireann, Léiritheoirí Físe Éireann, Cuallacht Scríbhneoirí Éireann agus Cuallacht Suímh na hÉireann.

Ag labhairt ag an ócáid, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:
 

“Mar Uachtarán na hÉireann, tá an-áthas orm rath diansaothraithe ár gcomhphobail scannánaíochta a fheiceáil, a léiríodh i bhfianaise na 14 ainmniúchán do Ghradaim Oscair i mbliana. 
 
Is mian liom an deis seo a thapú le comhghairdeachas ó chroí a dhéanamh le buaiteoirí Ghradaim Oscar ag searmanas Ghradaim an Acadaimh an tseachtain seo, as a ngaiscí eisceachtúla. Chuaigh láíocht An Irish Goodbye go mór i bhfeidhm orm. Cuireadh na caidrimh i láthair le sáraisteoireacht agus barántúlacht. 

Tá réimse leathan scileanna ag teastáil sa léiriú scannánaíochta. Nuair a bhuaigh Richard Baneham a dara ghradam Oscar do Mhasaíocht Físe, tharraing sé aird arís ar na gaiscí teicniúla seo a chothaíonn scannánaíocht Éireannach. 

Is mian liom comhghairdeachas a dhéanamh le baill thionscal scannánaíochta na hÉireann a ghnóthaigh ainmniúcháin - Colin Farrell, Paul Mescal, Kerry Condon, Brendan Gleeson, Barry Keoghan and Jonathan Redmond.
  
Do mhuintir ‘An Cailín Ciúin’ agus a gaisce stairiúil mar an chéad scannán Gaeilge, tá tábhachtach ollmhór aige seo don obair ar son na teanga. Déanaim comhghairdeachas mór croíúil le ‘The Banshees of Inisherin’ as an aitheantas eisceachtúil a tháinig le líon mór a n-ainmniúchán. Ba mhaith liom freisin an deis a thapú le taibhiú Jessie Buckley in ‘Women Talking’ a cheiliúradh, tar éis dó An Script Scannáin Oiriúnaithe is Fearr a bhuachan. 

Seans gur bhain an rath seo geit as daoine áirithe, ach d’oibrithe sa scannánaíocht is aitheantas cuí é ar bhlianta fada oibre, le polasaí maoinithe an Rialtais agus tacaíocht ealaíontóirí. 

Tá láidreacht chomhphobal na scannánaíochta oileán na hÉireann mar thoradh ar lucht tacaithe díograiseach, agus blianta fada oibre. 

Ní mór dúinn cuimhnigh nach earra amháin í an scannánaíocht ná na healaíona taibhiúcháin. Is foirm ealaíne chumhachtach í an scannánaíocht, a tógadh ar dhraíocht na n-íomhánna, draíocht a léiríonn an tsamhlaíocht, an chuimhne agus coinníollacha casta an duine daonna. 
 
Trí leas a bhaint as na córais éagsúla ealaíne ar bhealaí nuálaíochta cosúil leis an script, stiúrthóireacht, ceol agus eolaíocht, tá sé de chumas ag an scannánaíocht dul i ngleic le gach gné dár n-eispéiris, ár ndúshláin daonna, ár mbrón agus ár n-áthas”.