Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Óstálann an tUachtarán cruinniú d’eagraíochtaí lárnacha lena n-ionchur ar an gcomhionannas inscne a mheas

Dáta: Céa 23rd Már, 2022 | 10:24

  • Impíonn an tUachtarán ar an slua le cibé gníomh atá ag teastáil a dhéanamh chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban, agus le tuilleadh iarrachta a dhéanamh leis an gcomhionannas inscne a neartú inár sochaí agus inár ndomhan. 

    Sheinn Comhaltas Ceoltóirí Éireann, a raibh Ashling Murphy nach maireann ina ball de, ceol ag an ócáid. 

    D’óstáil an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ócáid speisialta ag Áras an Uachtaráin, ag tarraingt le chéile réimse leathan eagraíochtaí lena n-ionchur a mheas i dtaca le comhionannas inscne a neartú. 

    I measc na n-eagraíochtaí a bhí i láthair bhí cumainn agus fostaithe, comhlachtaí earnála poiblí, eagraíochtaí spóirt, comhlachtaí cultúrtha, institiúidí oideachais agus ionadaithe mic léinn, grúpaí na mban, urlabhraithe cearta daonna agus eagraíochtaí eile a thacaíonn leis na mná. 


    Bhí Noeline Blackwell, POF ar Dublin Rape Crisis Centre, ina cathaoirleach ar an ócáid, a bhí le reáchtáil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, ach b’éigean í a chur ar athlá de bharr thástálacha dearfacha COVID-19 an Uachtaráin agus Shaidhbhín níos túisce an tseachtain sin.
     
    Tá an ócáid seo, a d’fhógair an tUachtarán Ó hUigínn ar Lá Fhéile Bríde, ar cheann de na gníomhaíochtaí a thóg an tUachtarán ó ceapadh é ina Sheaimpín HeForShe na Náisiún Aontaithe in 2015, le tacú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe na NA uimhir 5 - le deireadh a chur leis an bhforéigean ar bhonn inscne. 


    Ag an imeacht, phléigh na daoine a bhí i láthair na céimeanna ar féidir lena n-eagraíochtaí a thógáil le comhionannas inscne a chur chun cinn sa tsochaí. Mar chuid den phróiseas comhairligh seo, d’iarr Noeline Blackwell ar an slua machnamh a dhéanamh ar phlé an lae agus a smaointí ar na ceisteanna a sheoladh ar ais. 

    Sheinn Comhaltas Ceoltóirí Éireann, a raibh Ashling Murphy nach maireann ina ball de, ceol ag an ócáid. 


    Labhair an tUachtarán Ó hUigínn ag an ócáid, agus dúirt: 

    “Le blianta beaga anuas, tháinig eachtraí foréigin tragóideacha ba chúis le básanna ban óg aniar aduaidh orainn. Cailleadh mná óga a raibh an-ghealladh fúthu, agus fágadh a ndaoine muinteartha croíbhriste. Lig an tsochaí síos na teaghlaigh atá ag caoineadh a mbásanna nuair a ghlactar leis an iompar a mbíonn mná ina n-íospartaigh aige - ag an leithcheal, an caitheamh anuas, drochíde agus ionsaithe. Ní féidir a shéanadh go bhfuil orainn athscrúdú a dhéanamh, ar bhonn práinne, ar na gnéithe sin a cheadaíonn dó seo leanúint ar aghaidh agus a chothaíonn an easpa measa, agus an t-eisiamh atá go fóill i réim do mhná inár sochaí. Tá sé thar am dúinn machnamh práinneach a dhéanamh ar na gníomhartha atá ag teastáil le cinntiú go mbaintear an foréigean in aghaidh ban, ar gach bealach, ónár sochaí - anuas ar aon iompar a théann in aghaidh sochaí ionchuimsitheach a mhúnlú. Is tír sinn atá ag déanamh gach iarrachta a bheith ina Poblacht, le geallúint inár mBunreacht go bhfuil ár muintir ar fad ar comhchéim. Faraor, is geallúint í seo nár éirigh linn a chomhlíonadh, i dtír nach féidir le mná siúil leo féin in go leor áiteanna gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe nó roimh ghníomhartha agus thráchtanna nach bhfuil uathu, áit ar fhulaing fostóir amháin as gach cúigear ciapadh gnéasach san ionad oibre - an tromlach díobh mná, nach féidir leo gníomhartha laethúla simplí a dhéanamh i dtimpeallacht ina mothaíonn siad míshábháilte agus leochaileach. Feicimid an fuath ban fánach, na tráchtanna gáirsiúla, an drochíde ar líne a dhírítear ar mhná ar bhonn rialta atá, de réir roinnt fear, inghlactha, gan dochar agus greannmhar, fiú.Éistimid lena scéalta agus tuairiscítear go bhfuil iontas, uafás agus fearg orainn, ach an bhfuil? Ní leor an éisteacht amháin, áfach agus tá orainn anois plé agus gníomhú a dhéanamh. Is cleachtas athráiteach anois é an t-iarratas seo le comhrá náisiúnta a thosú, mar shochaí, faoi conas is fearr atmaisféar cóir agus slán dár saoránaigh bhaineanna. Ní féidir leis seo fanacht. Tá orainn, i ngach réimse den tsochaí Éireannach, pléigh a dhéanamh ar na slite éagsúla a bhfuilimid ag déanamh neamhairde air, agus níos measa fós ag éascú agus ag cumasú an leithcheala agus na drochíde i gcoinne na mban ina saoil laethúla. Tá orainn cultúr a ghlacann leis, agus nach labhraíonn amach ar chineálacha laethúla na drochbhaile i gcoinne na mban a aithint, a bhfuil coinníollacha tromchúiseacha cosúil leis an drochíde, an saothrú agus fiú an bás mar thoradh air. Eascraíonn tíortha atá sabháilte do mhná agus chailíní ó shochaithe agus ó phobail a bhfuil meas acu ar a mbaill baineanna. Leis an tsochaí seo a bhaint amach, caithfimid a mhúineadh dár n-ógánaigh conas meas a léiriú do mhná sa chaoi a labhraítear leo agus fúthu. Inniu ag an ócáid seo bhí sé beartaithe ag Saidhbhín, agus agam féin mar ionadaí HeForShe, ar iarratas Stiúrthóir Feidhmiúcháin Ban an AE, sibh go léir a bhailiú le chéile ag Áras an Uachtaráin, lenár n-iarrachtaí mar dhaoine aonair agus mar chuid d’eagraíochtaí móra a mheas i dtaca le comhionannas inscne a neartú, agus caidreamh atá lán den dlúthpháirtíocht, chomhionann agus meas a chruthú idir fir agus mná.Tuigim go daingean i mo chroí go bhfuil sé d’acmhainn againn ar fad an obair ríthábhachtach a chur i gcrích agus caidreamh níos folláine a ghaibhniú idir fir agus mná, mar aon le cultúr agus sochaí a mhúnlú atá cóir, ionchuimsitheach agus ómósach do gach saoránach agus a n-éagsúlachtaí ar fad. Tapaímis an deis a thagann le Lá Idirnáisiúnta na mBan na bliana seo le machnamh agus le gealltanas a dhéanamh ar mhaithe leis an bhfís seo a fhíorú. Is mian liom mo bhuíochas a ghabháil le Comhaltas Ceoltóirí Éireann as an gceol álainn a sheinn siad ag an ócáid seo. Bhí Ashling Murphy, a cailleadh le déanaí de bharr an fhoiréigin fhirinscnigh, mar dhuine de bhur mbaill. Sheinn sibh go tochtmhar ag a sochraid agus is mór againn go bhfuil sibh i láthair inniu agus muid ag smaoineamh siar ar shaol agus ar chailliúint ollmhór Ashling, agus ar na daoine go léir a chaill a mbeatha de bharr an fhoréigin ar bhonn inscne. Cuimhnímid orthu agus déanaimid iad a chaoineadh, ach níos tábhachtaí fós geallaimid le cibé gníomhartha a thógáil le deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus le tuilleadh iarrachta a dhéanamh leis an gcomhionannas inscne a neartú inár sochaí agus inár ndomhan”