Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn óstáil ar an tríú seimineár sa tsraith 'Machnamh 100'

Dáta: Céa 26th Bea, 2021 | 11:30

Craolfar an tríú seimineár sa tsraith Machnamh 100’, arna óstáil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn, ar Sheinnteoir RTÉ, Déardaoin 27 Bealtaine ag 7 pm.

Tá cuireadh tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn do scoláirí aitheanta chun plé a dhéanamh ar an aicme shóisialta, an talamh, agus ról na mban mar a bhaineann siad leis na heachtraí 100 bliain ó shin. 

Is í an Dr. Margaret O'Callaghan ó Ollscoil na Ríona i mBéal Feirste a thabharfaidh an príomhaitheasc ag an seimineár. Tabharfaidh painéal lena n-áirítear an Dr Caitríona Clear (OÉ Gaillimh), an tOllamh  Linda Connolly (OÉ Mhaigh Nuad), an tUasal Caitríona Crowe (Acadamh Ríoga na hÉireann), agus an Dr John Cunningham (OÉ Gaillimh) freagra ar a páipéar 'Recovering Imagined Futures'.

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an t-aitheasc clabhsúir agus díreoidh sé ar ‘Land, Social Class, Gender and the Sources of Violence’. Ina ionchur sa phlé, cuirfidh an tUachtarán béim ar cheann de na buntéamaí a raibh tionchar acu ar chuid mhaith de na heachtraí suntasacha i stair na hÉireann san 19ú agus 20ú haois - lena gcuimsítear feachtais ar son na Fuascailte, na hAisghairme, an Rialtais Dúchais agus na Gluaiseachta Frithdheachún - is é sin an teacht ar thalamh.

Agus machnamh á dhéanamh aige ar an tslí a raibh tionchar ag dearcthaí agus ag an gcur chuige i leith na talún ar phobail tuaithe, tabharfaidh an tUachtarán aird ar leith ar a n-éifeacht ar mhná na tuaithe in Éirinn. Taispeánfaidh an tUachtarán an tslí a raibh tionchar ag ceisteanna na talún ar an tsochaí agus ar a choimhlintí suas go dtí an lá atá inniu ann, agus ar an tslí ar tháinig cineálacha foréigin struchtúracha chun cinn agus a ndeachaigh siad i gcion ar mhná, ar pháistí agus ar an dream ba bhoichte.

Is é an seimineár, dar teideal 'Recovering Imagined Futures', an tríú seimineár atá á óstáil ag an Uachtarán Ó hUigínn sa tsraith‘Machnamh 100’, ar cuireadh atá ann chun machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, ar Chomhráite an Chonartha, ar an gCogadh Cathartha agus ar an gCríochdheighilt.

Tugadh an t-ainm Machnamh ar an tsraith, coincheap ársa a chuimsíonn midheamhain, machnamh, marana agus cuimhneamh.

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

  • Is cuid de shaothar an Uachtaráin ar an gcuimhneamh eiticiúil atá i dtionscnamh 'Machnamh 100'.  Ar feadh Deich mBliana na gCuimhneachán Céad Bliain tá béim curtha ag an Uachtarán Ó hUigínn ar an tábhacht a bhaineann le haitheantas a thabhairt do na guthanna sin a imeallaíodh, ar baineadh ceart vótála díobh nó ar eisiadh iad san am atá caite, agus iad a chuimsiú. Agus é chun tosaigh i gclár na gcuimhneachán céad bliain, tá iarracht déanta ag an Uachtarán Ó hUigínn aird a tharraingt ar na heachtraí cinniúnacha a tharla céad bliain ó shin agus ár n-iarrachtaí náisiúnta, chun iniúchadh a dhéanamh ar chúlra, thionchar agus ábharthacht chomhaimseartha na n-eachtraí atá á gcomóradh, a mhúnlú.
  • Bhí an chéad seimineár sa tsraith 'Machnamh 100' ar bun i mí na Nollag 2020 agus rinne sé iniúchadh ar chineál agus ar choincheap an chomórtha féin i gcomhthéacs an lae inniu agus na n-eachtraí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin. I measc na gcainteoirí bhí na hOllaimh Ciarán Benson, Anne Dolan (Coláiste na Tríonóide, BÁC), Michael Laffan (An Coláiste Ollscoile BÁC) agus Joep Leerssen (Ollscoil Amsterdam). Dhírigh an dara seimineár, a bhí ar bun i mí Feabhra 2021, ar an Impireacht, ar dhearcthaí impireachta agus ar a bhfreagairt mar a bhain siad le cúinsí na hÉireann. Ba é an tOllamh John Horne (Coláiste na Tríonóide, BÁC) a rinne an príomhmhachnamh, agus bhí freagairt ón Ollamh Eunan O'Halpin (Coláiste na Tríonóide, BÁC), ón Dr Marie Coleman (Ollscoil na Ríona, Béal Feirste), ón Ollamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann), ón Dr Niamh Gallagher (St. Catharine's College, Cambridge) agus ón Uachtarán Ó hUigínn.
  • Tá tacaíocht ag ‘Machnamh 100’ ón Rialtas agus ó RTÉ. Ta an t-ionchur go léir ar fáil ag an bpobal trí Sheinnteoir RTÉ agus trí shuíomh gréasáin www.president.ie