Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Tá teachtaireacht eisithe ag Uachtarán Uí Uigínn mar gheall ar Seachtain na Gaeilge

Dáta: Céa 9th Már, 2022 | 12:18

Reáchtáladh Seachtain na Gaeilge don chéad uair in 1902 agus tá ceiliúradh mór á dhéanamh ag grúpaí fud fad an domhain le haghaidh 120 bliain don fhéile i mbliana. Is iontach go bhfuil an fhéile ag dul ó neart go neart, ag ceiliúradh ár dteanga dhúchais. Tréaslaím leis na heagraithe uilig agus ambasadóirí na bliana seo.

Tá comharthaí ann ar tuar dóchais iad don teanga. Idir ghníomhaíocht pobail na Gaeilge i réimsí áirid den saol, i bpearsan agus ar líne agus sna healaíona cruthaitheacha tá saibhreas filíochta, úrscéalta agus gearrscéalta Gaeilge ag teacht ó ghlúin nua scríbhneoirí éirimiúla. Is trí chaomhnú an cheangail cultúrtha láidir sin amháin ar féidir linn tuiscint a fháil ar ár stair choiteann mar aon le cuidiú lena forbairt agus a hábharthacht inár saol comhaimseartha.

Chomh maith leis sin, tá a fhios againn go bhfuil os cionn milliún duine ar fud an domhain ag foghlaim Gaeilge ar aipeanna ar líne agus i ranganna traidisiúnta, cuid mhaith díobh ina mbaill den phobal domhanda Éireannach. Freisin tá daoine anseo in Éirinn nach náisiúnaigh de chuid na tíre iad agus saoránaigh nua na hÉireann ag tapú na deise teanga dhúchais na tíre, a dtugann siad an baile anois uirthi, a fhoghlaim.

Ag deireadh na bliana seo caite chuir mé Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 faoi mo lámh; neartaíonn sé Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Tá sé mar aidhm aige caighdeán na seirbhísí atá ar fáil do shaoránaigh a bhíonn ag iarraidh a ngnó a dhéanamh, nó leas a bhaint as seirbhísí an Stáit, trí mheán na Gaeilge, a fheabhsú.

Tá luach ag baint le féile bhliantúil a spreagann daoine chun úsáid a bhaint as an teanga, daoine a bhfuil beag taithí acu uirthi, nó nár bhain úsáid aisti le tamall fada. Is meán cumarsáide álainn, bríomhar í an Ghaeilge a dhéanann teagmháil idir muid féin agus ár dtimpeallacht, ár stair agus eadrainn. Tugann Seachtain na Gaeilge deis dúinn triall a bhaint as an teanga, agus tá clár leathan imeachtaí curtha ar fáil.

Tá deis againn go léir, idir óg agus aosta, idir lucht líofa agus foghlaimeoirí, chun ceiliúradh beag a dhéanamh le chéile ar ár oidhreacht, ár gcultúr teanga atá caomhnaithe againn mar phobal in ainneoin deacrachtaí agus dúshláin na staire.

Is cuid dínn féin an Ghaeilge, rud a chaithfear a chur ar fáil do na glúnta atá le teacht. Le linn na Féile seo, tá súil agam go mbeidh saoránaigh d'aois ar bith agus faoi chúinse ar bith teacht a bheith acu uirthi agus í a labhairt le bród, le háthas agus go mbraitheann siad comhcheangal agus oidhreacht choiteann. Déanaimis rún leanúint leis an iarracht le linn na bliana seo ina mbeidh an Ghaeilge in úsáid go laethúil san Aontas Eorpach, go gcuirfidh muid leis an éacht sin agus go gcinnteoimid go dtiocfaidh an lá nuair a chloisfimid a húsáid i ngnáthshaol mhuintir na hÉireann.

Is ábhar cheiliúradh í an teanga. Is cuid lárnach í d’ár saol agus dár bhféiniúlacht. Bain triail aisti!