President Higgins has offered his warmest congratulations to the Irish women‘s hockey team
Dáta: Lua 6th Lún, 2018 | 09:52
“Ba mhaith liom comhghairdeas ó chroí a dhéanamh le foireann hacaí ban na hÉireann as a héacht stairiúil agus an bonn airgid á bhuachan ag an bhfoireann sa Chraobhchomórtas domhanda.
B’éacht ann féin é an cluiche ceannais a bhaint amach agus b’inspioráideach an tslí a ndearna siad é sin le scil, díograis agus spiorad foirne.
Tá an fhoireann seo ceannródaíoch i gcomhthéacs hacaí na hÉireann agus spórt na hÉireann, agus spreagfaidh a héacht mór fir agus mná óga ar fud oileán na hÉireann tabhairt faoin spórt.
Mar gheall air sin, agus ar a rath ar an bpáirc imeartha, tá ár mbuíochas tuillte ag an bhfoireann agus ag an bhfoireann tacaíochta.”