Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

President Higgins responds to St. Patrick’s Day 2021 greetings from Queen Elizabeth II

Dáta: Mái 16th Már, 2021 | 00:05

D’eisigh an tUachtarán Ó hUigínn a fhreagra ar na beannachtaí croíúla a bhfuair sé ón mBanríon Eilís II ar ócáid Lá Fhéile Pádraig 2021.

Is é seo a leanas téacs theachtaireacht Uachtarán Mícheál D. Ó hUigínn:

“Thar ceann mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom mo bhuíochas ó chroí a ghabháil leat as do bheannachtaí a ghuí orainn ar ár lá náisiúnta.

Is cuimhne órga é do thuras ar Éirinn deich mbliana ó shin, agus mar Éireannaigh, cuimhnímid ar agus roinnimid go rialta, an cuimhne seo le chéile. Tréimhse chinniúnach a bhí inti, a raibh flaithiúlacht an spioraid agus an cneasú mar thoradh uirthi.  

Tá an-chuid déanta ag an gcuairt seo le doimhneacht agus beocht na nasc a roinnimid idir ár dtíortha a neartú ar gach leibhéal. 

Leanfaidh an chuairt seo ag feidhmiú mar údar inspioráide do chuir i gcrích na bhféidearthachtaí seo sa todhchaí, ar féidir linn iad a roinnt lena chéile.

Tuigimid go mbeidh Lá Fhéile Pádraig á cheiliúradh i gcroíthe na nglúnta Éireannacha atá ag cur fúthu sa Bhreatain, a gcairde agus a gclanna Briotanacha, mar aon le lear mór Briotanach atá lonnaithe go sásta anseo.  

Tuigim go maith gur foinse áthais leanúnach don bheirt againn í gluaiseacht agus cúrsaíocht ár ndaoine.

Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta ortsa agus ar do mhuintir”.

 

 Is é seo a leanas an teachtaireacht óna Mórgacht Eilís II chuig Uachtarán na hÉireann:

“On the occasion of your National Day, I would like to convey to Your Excellency my congratulations, together with my best wishes to the people of Ireland. This year marks ten years since my visit to Ireland, which I remember fondly, and it marks a significant centenary across these islands. We share ties of family, friendship and affection – the foundation of our partnership that remains as important today as ten years ago. 
Lá Fhéile Pádraig sona daoibh go léir.”

Elizabeth R