Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Bronnann an tUachtarán Ó hUigínn leabhair ar an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí

Dáta: Mái 11th Fea, 2020 | 12:52

Thug an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn cuairt inniu ar leabharlann phoiblí na Cabraí chun leabhair óna bhailiúchán pearsanta féin a bhronnadh ar Sheirbhís Leabharlainne Poiblí na hÉireann.

Bhronn an tUachtarán os cionn 700 leabhar ar an tSeirbhís Leabharlainne Poiblí, ag Leabharlann na Cabraí atá mar chuid de líonra náisiúnta na leabharlann poiblí, ‘Leabharlanna Éireann’.

Áiríodh i measc na leabhair a bronnadh, leabhair a cheannaigh an tUachtarán agus roinnt eile a thug a n-údair don Uachtarán Ó hUiginn mar bhronntanais.

Beidh formhór na leabhar ar fáil don phobal le tógáil ar iasacht ag leabharlanna ar fud na tíre, fad is a chuirfear roinnt de na leabhair a bhfuil inscríbhinní pearsanta orthu ar fáil mar thagairt.

I rith a ghairme, thacaigh an tUachtarán go láidir le seirbhísí poiblí agus spásanna poiblí, agus léiríonn a thacaíocht don líonra leabharlann freisin a thiomantas do sheirbhísí agus eagraíochtaí a chuireann oideachas chun cinn.

Ag labhairt faoin gcuairt ar leabharlann na Cabraí, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Is é an áit is fearr ag leabhair an áit a bpiocfar suas iad agus a léifidh go leor daoine iad. Áit iontach iad ár leabharlanna poiblí chun smaointe a roinnt, ina gceadaítear do scríbhneoirí an chruthaitheacht a spreagadh, agus chun smaointe agus coincheapa atá sna leabhair a roinnt lena léitheoirí.

Tá mé buíoch dóibh siúd a bhronn na leabhair seo orm, atá léite agam, agus a bhfuil áthas orm anois iad a roinnt arís trí Leabharlanna Éireann agus iad a chur ar fáil d’aon duine gur mian leo iad a léamh.”