Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Ó hUiginn comhghairdeas le buaiteoirí an BT Young Scientist and Technology Exhibition 2013

Dáta: Céa 2nd Ean, 2013 | 15:21

Dúirt an tUachtarán Micheál D Ó hUiginn

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le Ciara Judge, Emer Hickey agus Sophie Healy-Thow as a gcuid taighde chruthaithigh phraiticiúil ar fhás na mbarr. Is rannchuidiú suntasach a gcuid fionnachtana don taighde tábhachtach ar shlándáil bia atá ar siúl timpeall na cruinne.

Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin lena múinteoirí i Scoil Phobail Chionn tSáile as a dtiomantas dá mic léinn agus as idéanna a gcuid mac léinn a spreagadh.

Ba mhaith liom gach rannpháirtí i dtaispeántas na bliana seo a mholadh as a dtiomantas, agus as a bhfuinneamh leanúnach agus as a gcuid tallainne. Is samplaí d’Éirinn a bhfuilimid bródúil aisti iad na daoine óga seo agus a múinteoirí.

Guidhim gach rath ar na buaiteoirí ag Comórtas Eorpach an Eolaí Óig níós faide amach sa bhliain.