Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn comhghairdeas le Rob Heffernan

Dáta: Déa 1st Lún, 2013 | 14:49

Dúirt an tUachtarán Ó hUiginn i ráiteas ar maidin, “Tréaslaím le Rob Heffernan as a fheabhas a chruthaigh sé le Craobh an Domhain sa Rása Siúil 50 ciliméadar a ghnóthú i Moscow maidin inniu. Bainfimid uilig taitneamh as an tréimhse iontach seo i saol Rob agus a mhuintir, ar casadh orm iad in Áras an Uachtaráin an bhliain seo caite.

Tháinig Rob gar lena leithéid chéanna a dhéanamh cheana i gCluichí Oilimpeacha Londain agus anois, trína dhúthracht agus trína thiomantas tá sé tar éis gach ar thuill sé curtha i gcrích aige. Cuirim mo dhea-ghuí chuig foireann uilig na hÉireann thall i Moscow agus ar ndóigh beidh siad uilig an-tógtha le bua Roibeaird.