Tréaslaíonn an tUachtarán Ó hUigínn le Fintan O'Toole as duais Robert B. Silvers 2024 don iriseoireacht a bhuachan
Dáta: Dom 7th Ean, 2024 | 15:40
"Ní chuirfeadh sé iontas ar aon duine in Éirinn an t-aitheantas a tugadh trasna an Atlantaigh do shaothar Fintan O'Toole, nuair a bronnadh duais Robert B. Silvers 2024 don iriseoireacht air.
Mar a d'aithin na meastóirí, tá tráchtaireacht pholaitiúil, scoláireacht chultúrtha agus stairiúil Fintan ar an gcaighdeán is airde le roinnt blianta anuas.
Cé nár bronnadh duaiseanna Silvers-Dudley ach le trí bliana go dtí seo, tá duaiseanna measúla bunaithe acu cheana féin as sár-éacht a bhaint amach i réimsí na hIriseoireachta, na Scríbhneoireachta Ealaíne agus na Critice Liteartha.
Ba mhaith liom mo chomhghairdeas a ghabháil le Fintan O'Toole as an aitheantas seo atá tuillte aige."