Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Comhghairdeas á dhéanamh ag an Uachtarán Ó hUigínn le Brad Heidi, buaiteoir Ghradam an Laoich Áitiúil Nua 2023

Dáta: Céa 26th Aib, 2023 | 14:50

"Déanaim comhghairdeas ó chroí  le Brad Heidi, ar fógraíodh é aréir mar bhuaiteoir Ghradam an Laoch Áitiúil Nua 2023, gradam nuálach mór le rá agus cuid de thionscnamh Cheol Éireann na Míosa a d'eagraigh Hot Press agus Craoltóirí Neamhspleácha na hÉireann.   Tá sé maoinithe ag ciste Fuaime agus Físe Choimisiún na Meán.
 
Taispeánann an tionscnamh cé chomh láidir, cé chomh héagsúil agus cé chomh saibhir atá bua éachtach an cheoil in Éirinn faoi láthair. Léiríodh é sin gan aon amhras nuair a roghnaigh 25 stáisiún raidió neamhspleách ar fud na hÉireann a Laoch Áitiúil féin mar chuid de Mhí Cheol na hÉireann.
 
Bhí jab fíordheacair ag na moltóirí i roghnú gearrliosta seisir as 25 ealaíontóir a bhfuil bua ar leith acu, i bhfianaise thallann na n-iarrthóirí - agus dá bhrí sin, chomh maith le Brad Heidi, Eva Campbell, Negro Impacto, Darian June, Paddy Keyes agus Temi Nla, tá comhghairdeas ó chroí tuillte acu go léir uainn agus an gearrliosta bainte amach acu.
 
Táimid ag tráth speisialta seo in Éirinn agus ealaíontóirí óga iontacha cruthaitheacha, amhail an seisear atá sa bhabhta ceannais, ag teacht chun cinn agus saothair shamhlaíocha aibí ar ardchaighdeán á soláthar acu.
 
Tá Brad Heidi ar dhuine díobh sin a bhfuil tallann ar leith aige agus é ach 22 bliain d'aois. Is é Galway Bay FM a roghnaigh Brad, atá lonnaithe i nGaillimh. Is amhránaí, cumadóir amhrán agus taibheoir den scoth é Brad a bhfuil diongbháil agus tiomantas ar leith léirithe aige, agus é ag iarraidh cáil a bhaint amach mar ealaíontóir.
 
Thosaigh sé mar cheoltóir sráide, agus d'oibrigh sé gan staonadh sular aithníodh an tallann ar leith atá aige, agus sheinn sé a cheol ar chuid de na stáitsí is mó in Éirinn, ina measc Féile Oíche Chinn Bliana i mBaile Átha Cliath ag casadh na bliana. Tá lucht leanúna ollmhór cruinnithe aige ar na meáin shóisialta. Tá acmhainn an-mhór ann agus is iontach an rud an t-aitheantas atá faighte aige ar an tslí sin ó phainéal moltóirí, lena n-áirítear ealaíontóirí rathúla a bhfuil an-taithí acu, ó gach cearn de thionscal an cheoil, amhail Ruth-Anne Cunningham agus Roisín O.
 
Is duais an-luachmhar atá ann - ach thairis sin uile, táim cinnte de go réiteoidh an teideal Laoch Áitiúil Nua 2023 atá bronnta ar Brad Heidi an bealach dó dul chun cinn le misneach go dtí an chéad leibhéal eile sa ghairm bheatha fhadtéarma a bheidh cruthaitheach, sásúil agus torthúil.
 
Maith thú Brad Heidi. Go maire tú mar ealaíontóir, cumadóir amhrán, taibheoir agus amhránaí.
 
Tréaslaím leat agus gach rath ort don todhchaí.”