Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comhghairdeas le Mairéad McGuinness a ainmníodh mar Choimisinéir san AE.
Dáta: Mái 8th Meá, 2020 | 20:06
Rinne an tUachtarán Ó hUigínn comhghairdeas tráthnóna le Mairéad McGuinness a ainmníodh mar Choimisinéir san AE.
Dúirt an tUachtarán:
"Déanaim comhghairdeas ó chroí le Mairéad McGuinness ar a ceapadh mar Choimisinéir Ainmnithe um Sheirbhísí Airgeadais san AE.
Beidh cúram tábhachtach agus iontach uirthi, agus bainfidh sí leas as a taithí cháiliúil mar bhall agus mar Leas-Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa.
Guím gach rath uirthi. Go n-éirí léi."