Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Éilionn an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gníomhú chun deireadh a chur le foréigean in aghaidh na mban

Dáta: Sat 24th Sam, 2018 | 10:13

Agus aird á tarraingt aige ar an Lá Idirnáisiúnta um Dhíothú an Fhoréigin in aghaidh na mBan (25 Samhain), d'éiligh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn gníomhú práinneach chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban.

 

Ag labhairt dó in Áras an Uachtaráin, dúirt an tUachtarán O hUigínn:

"Le linn an fheachtais toghchánaíochta le gairid, labhair mé ar thionscnaimh nua a bhfuil sé i gceist agam tabhairt fúthu, ina measc 'Rannpháirtíocht agus Athrú ó Bhonn', a bhfuil sé mar aidhm aige sochaí níos cuimsithí a chur chun cinn.

Is é mo thuairim láidir más mian linn cumas as cuimse na hÉireann agus a muintire a bhaint amach, ní mór dúinn dul i ngleic leis na bacainní suntasacha sin atá ag teacht roimh an rannpháirtíocht agus ag cur isteach ar chuid mhaith dár bpobal, agus iad a dhíothú.  Tá cuid mhaith dá leithéidí de bhacainní ann.

Tá an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní ar cheann de na sáruithe ar chearta an duine is forleithne, is dianseasmhaí agus is millteanaí ar domhan inniu.  

Sa bhliain 2015, ar iarratas ó Fho-Ard-Rúnaí agus Stiúrthóir Feidhmeach Mná NA Phumzile Mlambo-Ngucka, d'aontaigh mé le m'ainmniú mar dhuine de Cheannairí Domhanda Cosantóra an fheachtais "HeforShe".  

Sa chomhthéacs sin, i mí an Mhárta 2015 chuaigh mé i gcomhairle le foirne agus oibrithe deonacha in eagrais ina raibh ballraíocht suntasach d'fhir.

Tugaim cuireadh an athuair d'fhir agus do dhaoine de gach gnéas seasamh gualainn le gualainn le mná, agus comhghuaillíocht láidir a fhorbairt chun comhionannas inscne a bhaint amach. Sna míonna atá le teacht, tabharfaidh mé cuireadh ar ais do dhaoine agus d'eagrais agus iarrfaidh mé orthu labhairt faoina dtaithí i ndul i ngleic le bacainní roimh an rannpháirtíocht, agus rachaidh mé i gcaidreamh leis na hinstitiúidí agus na heagrais sin atá in acmhainn tionchar a imirt ar fhir de gach aois a bhfuil a gcúnamh, a smaointeoireacht nua agus a ngníomhú ag teastáil uainn má táimid le dul i gcomhar leis an mbreis is 50% den chine daonna a bhfuil a gcearta iomlána á sárú.    

Ag deireadh na tréimhse comhairleoireachta sin, tá sé i gceist agam tuarascáil a chur le chéile ar an dul chun cinn atá déanta, a chuirfidh mé faoi bhráid an Ard-Rúnaí António Guterres.”

Tá sé thar am againn deireadh a chur le céasadh an fhoréigin ar bhonn inscne."