Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Tá barántais sínithe ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Príomh-Choimisinéir agus ochtar Coimisinéirí nua a cheapadh ar...

Dáta: hAo 31st Iúi, 2020 | 16:18

Tá barántais sínithe ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn chun Príomh-Choimisinéir agus ochtar Coimisinéirí nua a cheapadh ar Choimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas.
 
Tá feidhm lena gceapachán ó inniu, an 31 Iúil 2020.
 
Cuireann an tUachtarán a dhea-mhéin chuig an bPríomh-Choimisinéir nuacheaptha, Sinéad Gibney, agus chuig na Coimisinéirí ar fad chun a ndualgais a chomhlíonadh chun cearta an duine agus comhionannas in Éirinn a chur chun cinn agus a chosaint agus cultúir measa ar chearta an duine, ar chomhionannas agus ar thuiscint idirchultúrtha a thógáil.
 
Nóta chuig Eagarthóirí:
 
Coimisinéirí a ceapadh:
 
•       Sinéad Gibney (Príomh-Choimisinéir)
•       An Dr Rosaleen McDonagh
•       An tOllamh Ray Murphy
•       Sunniva McDonagh
•       An Dr Lucy Michael
•       Jim Clarken
•       Adam Harris
•       An tOllamh Kathleen Lynch
•       Michael Finucane