Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Déanann an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín ceiliúradh ar Bloomsday 2021

Dáta: Lua 14th Mei, 2021 | 12:16

Mar a tharla blianta eile, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn agus Saidhbhín comóradh ar Bloomsday, 16 Meitheamh, mar cheiliúradh ar an oidhreacht shaibhir a d’fhág James Joyce, agus a fhágann go fóill, d’Éirinn agus don domhan ar fad.

I mbliana, i bhfianaise shrianta sláinte phoiblí Covid-19, reáchtálfar ceiliúradh Bloomsday ar líne i bhfoirm físeán ó aisteoirí, amhránaithe agus ceoltóirí éagsúla agus iad ar an ardán ar thailte Áras an Uachtaráin.

Bainfidh na taispeántais seo leas as réimse leathan de shaothar James Joyce.

Thug an tUachtarán cuireadh d’ealaíontóirí cur i láthair a dhéanamh ag Áras an Uachtaráin mar chuid dá iarrachtaí tacú le healaíontóirí Éireannacha le linn ghéarchéim Covid-19.

I measc na n-ealaíontóirí a bheidh i mbun cur i láthair tá: Barry McGovern, Margaret Toomey, Brenda McSweeney, Noel O’Grady,  Eavan Gaffney, Clinton Liberty, John Feely agus Fran O’Rourke.

Is cuid den tionscnamh, ‘Samhlaíocht agus an Náisiún’ – tionscnamh amháin de thrí mhór thionscnamh an Uachtaráin - iad na cuir i láthair seo, a léiríonn an ról riachtanach a d’imir, agus a imríonn fós, na healaíona i saol na hÉireann, san am atá caite, san am i láthair agus sa todhchaí.

Craolfar an t-imeacht ar Oireachtas TV, agus beidh sé ar fáil freisin ar chainéal Youtube Áras an Uachtaráin.