Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fógraíonn an tUachtarán Ó hUigínn na cainteoirí don chéad imeacht de "Machnamh 100”

Dáta: Déa 26th Sam, 2020 | 13:50

D'fhógair an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu na cainteoirí a bheidh ag labhairt sa chéad seimineár i sraith imeachtaí de 'Machnamh Céad Bliain Uachtarán na hÉireann'.

Beidh an chéad cheann de thrí sheimineár tosaigh 'Machnamh 100' ar siúl Dé hAoine 4 Nollaig, agus díreoidh sé ar théama an chomórtha féin agus ar chomhthéacsanna na n-eachtraí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin.  

dhá sheimineár sa bhreis socraithe do mhí Feabhra agus do mhí Mhárta na bhliana seo chugainn, sula ndíreoidh an dara sraith imeachtaí ar Chogadh na gCarad agus ar bhunú an dá rialtas ar an oileán.

Cuirfear tús leis an imeacht ar an 4 Nollaig le machnamh an Uachtaráin Uí Uigínn dar teideal  "Of Centenaries and the Hospitality Necessary in Reflecting on Memory, History and Forgiveness."

Ina aitheasc, cuirfidh an tUachtarán lena shaothar go dtí seo agus comóradh na n-eachtraí i nDeich mBliana an Chomórtha Céad Bliain á stiúradh aige, lena n-áirítear a óráidí faoin bhFrithdhúnadh Mór in 1913, An Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918, agus tionól na Chéad Dála.

Beidh na cainteoirí seo a leanas ag freagairt le linn an chéad seimineáir, Dé hAoine 4 Nollaig: An tOllamh Ciarán Benson, an tOllamh Anne Dolan, an tOllamh Michael Laffan agus an tOllamh Joep Leerssen.

  • Ciáran Benson ina Ollamh Emeritus le Síceolaíocht in UCD. Tá cuid mhór scríofa aige ar an tsíceolaíocht, ar an bhfealsúnacht agus ar an oideachas chomh maith leis an mbeartas cultúrtha agus an chritic ealaíne. I measc a chuid leabhar tá The Absorbed Self:  Pragmatism, Psychology and Aesthetic Experience (1993) agus The Cultural Psychology of Self: Place, Morality and Art in Human Worlds (2001). Bhí sé ina chathaoirleach ar Institiúid Scannán na hÉireann (1980-84), Ionad Ealaíon na Cathrach i mBaile Átha Cliath (1985-91), agus an Chomhairle Ealaíon (1993-1998). Faoi láthair tá sé ina chathaoirleach ar Éigse Éireann,  Grúpa Oibre Ealaíne Poiblí Ghráinseach Ghormáin, agus Sainghrúpa Comhairleach Éireann Ildánaí (Óige).
  • Anne Dolan ina hOllamh Comhlach le Nua-Stair na hÉireann i Roinn na Staire, agus ina Comhalta de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Tá sí ina húdar ar Commemorating the Irish Civil War: history and memory 1923-2000, agus i bpáirt le William Murphy, ar Commemorating the Irish Civil War: history and memory 1923-2000, agus tá cuid mhór foilsithe aici ar stair an fhoréigin sa tréimhse réabhlóideach, ar pholaitíocht na cuimhne, agus ar stair shóisialta agus chultúrtha na hÉireann idir an dá chogadh.
  • Fuair an tOllamh Michael Laffan a chuid oideachais i gColáiste Gonzaga, i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, in Trinity Hall, Cambridge, agus in Institiúid Stair na hEorpa, Mainz. Bhí sé ina léachtóir in Ollscoil East Anglia in Norwich, agus ina dhiaidh sin chaith sé tríocha bliain in UCD (den chuid is mó le Nua-Stair na hÉireann). Bhí poist éagsúla aige ag leibhéal dáimhe agus roinne, bhí sé ina cheann ar Scoil na Staire, ina uachtarán ar Chumann Staire na hÉireann, agus tá sé anois ina ollamh emeritus. I measc a bhfuil scríofa aige tá The Partition of Ireland, The Resurrection of Ireland: the Sinn Féin Party, 1916-23, agus Judging W. T. Cosgrave. Chuir sé The Burden of German History, 1919-45 in eagar chomh maith. Rinne sé léachtóireacht ar fud na hÉireann agus an domhain.
  • Is Ollamh le Nua-Litríocht na hEorpa in Ollscoil Amsterdam é Joep Leerssen (Leiden, 1955). Chuidigh a chuid oibre ar chruthú féiniúlachtaí i stair na hÉireann ((Mere Irish and Fíor-Ghael, 1986; Remembrance and Imagination, 1996) le speisialachas idirdhisciplíneach an Léinn Éireannaigh a bhunú. Is iad a chuid speisialachas stair chomparáideach na ngluaiseachtaí náisiúnta san Eoraip sa 19ú haois agus teoiric na steiréitíopála agus na féinsteiréitíopála.  Tá sé ina eagarthóir ar an Encyclopedia of Romantic Nationalism in Europe (2018) agus ar an mbailiúchán Parnell and His Times, Tá Leerssen ina chomhalta oinigh d'Acadamh Ríoga na hÉireann agus ina chomhalta oinigh de Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Beidh an craoltóir, údar agus staraí John Bowman ina chathaoirleach ar an seimineár.

Craolfar seimineár an 4 Nollaig ar RTÉ News Now, ar Sheinnteoir RTÉ, ar shuíomh gréasáin RTÉ History agus ar chainéal YouTube Áras an Uachtaráin.

Cliceáil anseo chun clárú don ócáid seo.

Cliceáil anseo chun tuilleadh a léamh faoin tsraith imeachtaí “Machnamh 100”.

 

Ag labhairt dó faoin imeacht 'Machnamh 100', dúirt an tUachtarán:

"Sna deich mbliana seo a bhfuil comóradh céad bliain suntasach iontu, tugtar ár ndúshlán dul i ngleic lenár stair roinnte ar shlí atá ionraic, fíor agus cuimsitheach, agus ar shlí a d'fhéadfadh cuidiú le coimhlintí dodhearmadta a leigheas.  Tá na heachtraí casta a thugaimid chun cuimhne le linn na ndeich mbliana seo lárnach sa scéal a mhúnlaigh ár náisiún ina éagsúlacht go léir.  Ní féidir ceisteanna a bhaineann le hiomláine an chomhthéacs, i dtéarmai a bhfuil le cur san áireamh nó a fhágáil ar lár, a sheachaint go morálta.

Éilíonn an chuimhne eiticiúil orainn léargas a thabhairt ar phearsana agus ar eachtraí ar tugadh neamhaird orthu in iarracht chun léargas níos uileghabhálaí, níos cuimsithí agus níos cothroime a bheith, mar shampla, ar an gcomhrac neamhspleáchais agus leis an bhfreagairt air.

Gné lárnach sa chuimhneamh eiticiúil is ea an diúltú don díchuimhne, maidir le daoine agus le heachtraí araon, bíodh sí comhfhiosach nó neamh-chomhfhiosach. Ní mór go ndéanfaimis cuimsiú ar na glórtha imeallaithe, orthu siúd atá díchumhachtaithe, ar ghlórtha ón gcosmhuintir ónár gcuimhní den am atá caite. Ní mór go gcuimseofaí an pháirt lárnach a bhí ag mná sa tréimhse atá á comóradh againn, ról an aicmeachais, agus oscailteacht do scéalta an 'Eile', an strainséara, an namhad ón am atá caite.

Ar mhaithe leis an todhchaí a roinnfimid, ní mór dúinn sinn féin a fhuascailt ó laincisí an ama atá caite.  Tá sé riachtanach go gcruthófaí spás don mhaithiúnas.

Tá sé in am anois tabhairt faoi eitic na hinsinte fáiltí, lena cumas rud a chur in áit an daingnithe stairiúil, agus oscailteacht a thairiscint do dhaoine eile. Agus sin á dhéanamh, is féidir linn an chuimhne agus an cuimhneamh a chothú mar bhonn láidir faoin todhchaí aontaithe agus roinnte.