Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn tar éis scríobh chuig Grúpa Arraiolos na nUachtarán Eorpach maidir leis an ngá práinneach le síocháin sa

Dáta: Mái 15th Már, 2022 | 16:01

Tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis scríobh inniu chuig a chomhUachtaráin sa Ghrúpa Arraiolos, grúpa 15 Cheann Stáit Eorpacha neamhfheidhmiúcháin, maidir leis an ngéarghá le deireadh a chur leis an bhforéigean uafásach atá á dhéanamh ar mhuintir na hÚcráine.

Ina litir, tá iarrtha ag an Uachtarán an bhfuil aon rud níos tábhachtaí ná pé tionchar ar féidir leis na hUachtaráin a imirt chun deireadh a chur leis an marú gan idirdhealú agus le scriosadh shaoráidí an phobail.

Deir an tUachtarán ina litir:

" Is cogadh gan idirdhealú atá san ionradh seo ar an Úcráin.  Is cogadh atá ann atá ag scriosadh saoráidí sibhialtacha, agus foscadh, ospidéil agus scoileanna á gceilt ar shaoránaigh.  Tá sé á chur siúd a cheap go rabhadar slán, de bharr a soghontacht ó thaobh aoise de nó iad a bheith ina bpáistí, amach ar smionagar a dtithe ar shráideanna atá lán de chontúirt. 

Tá an fhianaise uile sna híomhánna ar ár scáileáin agus freagairt á tarraingt go ceart ón gcine daonna.  Is é an taidhleoireacht an t-ábhar dóchais is fearr againn. Níor cheart dúinn ligean leis teipeadh. 

Ní mór dúinn cloí leis an gcúram, nach bhfuil aon ní níos práinní ná é, agus sos cogaidh a lorg chun fóirithint dhaonnúil éifeachtúil a bhaint amach. Ní mór dúinn oibriú ar a shon, go dtí an nóiméad deireanach. 

Le roinnt seachtainí beaga anuas chonaiceamar gníomhartha as ar féidir linn dóchas a fháil.

Le roinnt seachtainí beaga anuas freisin chonaiceamar samplaí inspioráideacha den chomhshaoránacht dhaonnúil Eorpach.  Tá sí á léiriú sa tslí ina bhfuil comhshaoránaigh ag oscailt a gcroíthe agus a dteaghlach dóibh siúd atá ag teitheadh ón gciapadh.  

Le linn na coimhlinte tá feicthe againn ar an iliomad slite, freisin, an mianach cróga atá iontu siúd atá ag iarraidh a dtír a chosaint agus oscailt na dteorainneacha ag comharsana atá ag cur fáilte rompu siúd atá ag teitheadh.    

Ar leibhéal níos leithne tá uafás ar fhormhór an phobail idirnáisiúnta, agus an ceart acu, mar gheall ar an neamhaird gan náire atá á tabhairt ar shárú an Dlí Idirnáisiúnta, an Dlí Dhaonnúil agus Chairt Bhunúsach na Náisiún Aontaithe agus an sárú atá á dhéanamh orthu. Ní féidir aon díolúine ó sháruithe dá leithéidí a cheadú.

Táim an-sásta go bhfuil aithris á déanamh ag muintir na hÉireann i mo thír féin ar fhreagairt fhlaithiúil daoine eile. Tá a dtithe á n-oscailt ag na mílte díobh agus foscadh á thairiscint acu.

Cuirimis ár mbuíochas in iúl do dhaoine mar sin san Eoraip lena mbainimid, molaimis a bhfreagairt agus bímis buíoch den dóchas a thairgeann sí i ndomhan a shainítear leis an luach a bhaineann lena bheith daonnúil, inbhuanaithe agus freagrach ó thaobh na héiceolaíochta de inár mbeartais."
 
Iarann an tUachtarán ar bhaill an Ghrúpa Arraiolos an luach a d'íoc an cine daonna ar na coimhlintí san am atá caite a thabhairt chun cuimhne, agus impíonn sé orthu tarraingt ar an taithí agus ar an gcríonnacht sin, ar féidir le baill an ghrúpa iad a thabhairt chun boird chun cabhrú le réiteach a fháil.   

Go háirithe, déanann an tUachtarán tagairt do na féidearthachtaí sonracha atá sa léargas ar féidir le grúpa na náisiún neodrach sin taobh istigh de 27 ball an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun tosaigh. Tugann sé le fios gur féidir leo ionchur luachmhar a thairiscint do na Cainteanna Síochána.

Cuireann an tUachtarán béim ar:

"An tasc is práinní atá romhainn an marú a stopadh, sos cogaidh a bhaint amach agus ligean don bhfóirithint dhaonnúil atá riachtanach teacht chun cinn.  Chun é sin a dhéanamh, deirim arís nár mhór dúinn gach iarracht a dhéanamh leas a bhaint as gach deis taidhleoireachta atá fanta.

Go humhal, ba mhaith liom a rá go bhfuil béim shothuigthe á cur ar na leibhéil armála iomaíocha sa dioscúrsa agus dá bharr sin gur cuireadh as an áireamh roinnt deiseanna ríthábhachtacha chun dul i dtreo na síochána - tá tagairt déanta agam roimhe seo, mar shampla, don ionchur is féidir le baill neodracha an Aontais Eorpaigh a dhéanamh trí fháilte a chur roimh an Úcráin ina measc mar Neodraigh chun plé a dhéanamh ar cad is féidir a aontú maidir leis an gcosaint seachas leis an ionsaí.   

Sa spiorad sin, agus mar bhall den Ghrúpa Arraiolos, mothaím gur cheart dom díriú ar phráinn agus ar dhóchúlacht na gné sin den taidhleoireacht.  Is cur chuige é nár baineadh úsáid iomlán as, b'fhéidir.  Níor cheart ligean do na cainteanna atá i mbaol rialta teipeadh.  Ba cheart gach beart a úsáid chun iad a thabhairt chun cinn.

Cé go bhfuilim cinnte go bhfuil an fhaisnéis atá bailithe trí shaineolas míleata agus lóistíocht cabhrach maidir le marthanas mhuintir na hÚcráine, is é an taidhleoireacht an phríomhghné anois ina leaganacha éagsúla saothair agus cáiréise, áfach.  

Mar atá ráite cheana agam, tá féidearthachtaí fíora i léargas an bhaill neodraigh chun an t-atmaisféar a chruthú i gcomhair sos cogaidh fónta agus i ndul chun cinn i dtreo cainteanna fónta ar son na hÚcráine agus a muintir. 

Nár cheart dúinn go léir machnamh a dhéanamh ar conas a chabhródh  dul chun cinn dá leithéid le tús a chur le cainteanna ar bhallraíocht san Aontas Eorpach don Úcráin? 

Is féidir le baill an Ghrúpa Neodraigh a dtaithí éagsúil a roinnt agus plé ceart taidhleoireachta a dhéanamh ar a bhfuil i gceist le cosaint agus slándáil a shainmhíniú.  Pléadh na ceisteanna sin cheana, agus go deimhin cuireadh i bhfoirm téacs iad.  Tá gnéithe na gceart, na slándála agus na cosanta ansin agus is féidir le plé ina dtaobh bogadh ar aghaidh chuig gach a bhfuil réigiúnach agus domhanda faoi choinníollacha síochána a bhaint amach. 

Creidim go bhfuil leas breise i moladh dá shórt seachas an sos cogaidh atá práinneach anois." 
 
Tá an tUachtarán ag iarraidh go ndéanfaí an obair sin a fhréamhú i bprionsabail na Náisiún Aontaithe, agus molann sé gur cheart acmhainní a chur ar fáil, atheagar a dhéanamh orthu agus iad a leagan amach ar shlí go mbeifí ní hamháin ag súil le géarchéimeanna daonna ach go léireofaí ár sármhianta maidir le freagairt ar shlí chothrom d'iarmhairtí an athraithe aeráide, le deireadh a chur le hocras dhomhanda, le fíorbhochtaineacht agus le foréigean in aghaidh na mban. 

Agus é ag iarraidh ar Uachtaráin uile an Ghrúpa Arraiolos gníomhú lena chéile, chríochnaigh an tUachtarán:
 
"I ráiteas luath ón am a chuaigh Éire isteach sna Náisiúin Aontaithe, fiafraíodh conas arbh fhéidir síocháin a bheith ann nuair nach bhfuil srianadh ar bith á chur ar tháirgeadh agus ar dháileadh arm ná a n-úsáid a smachtú.   Is fírinne dhúshlánach atá fós ansin.

Anois níor mhór dúinn ár neart uile a chruinniú agus a bheith láidir ina measc siúd ar mian leo an tsíocháin, an chothroime, an chóir, teacht le chéile leis an éiceolaíocht - gnéithe a bhfuil an-tábhacht ag baint leo go léir.  Ní mór don éileamh ar an tsíocháin filleadh ar ár saolta i measc an ghnáthphobail, agus ní mór dúinn am a chaitheamh le dul i ngleic leis an alltacht atá sa mholadh go mbraitheann an t-aon leagan dár saol roinnte ar ár bpláinéad leochaileach ar an armáil seachas ar an tsíocháin roinnte.  Ní mór dúinn diúltú don smaoineamh go bhfuil an cogadh dosheachanta más mian linn dóchas a choimeád. 

Deir Cairt na Náisiúnta Aontaithe gur in intinn 'na bhfear' (sic) a mhaireann an tsíocháin. Déanaimis go léir an ghluaiseacht mhór i dtreo na síochána a athnuachan inár saolta éagsúla. 

Éilímis stad ar an marú anois, bíodh sos cogaidh fiúntach ann, réitímis chun dul i mbun na gcainteanna eadrainn mar chomharsana má táimid le síocháin bhuan a bheith againn. Chun an sprioc sin a bhaint amach ní mór dúinn go léir ár n-inniúlachtaí uathúla agus roinnte a chur ar fáil.