Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh thoghadh na hÉireann ar Chomhairle Slándála na NA agus déanann comhghairdeas le ga

Dáta: Céa 17th Mei, 2020 | 21:17

Is cúis cheiliúrtha toghadh na hÉireann ar Chomhairle Slándala na Náisiún Aontaithe i gcomhair na tréimhse 2021-2022.

Aithnítear obair na foirne tiomanta agus déanaim comhghairdeas leo as feachtas prionsabálta a thabhairt chun críche agus chun ratha, i dtimpeallacht iomaíoch.

Taispeánann an tacaíocht a fuair Éire gurbh é an cinneadh ceart é feachtas a chur ar siúl nár sheachain na ceisteanna práinneacha; feachtas a phléigh ceisteanna domhanda, amhail cothú agus coimeád na síochána , díothú na bochtaineachta domhanda, neartú an iltaobhachais, agus athchóiriú na Náisiún Aontaithe.

Léirigh feachtas na hÉireann comhbhá le ceisteanna réigiúnacha agus an tábhacht le freagairt phraiticiúil a thabhairt chun tacú leo siúd is mó a bhfuil an t-athrú aeráide ag cur isteach orthu.

Sheas sé go mór d’Éirinn, agus é cruthaithe go raibh sí neamhspleách i dtaca le vótáil ar cheisteanna, gur thug sí ceannaireacht sheasmhach agus í ag moladh go ndéanfaí laghdú ar airm.

Aithníodh go forleathan go raibh inchreidteacht ag baint le hÉirinn agus go ndéanfadh sí beart de réir a briathair dá dtoghfaí í.

Comhghairdeas le gach duine a bhí bainteach leis an bhfeachtas agus go n-éirí le cách agus iad i mbun iarrachta chun prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Beir Beannacht.