Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh rialú stairiúil i dtaca le dúnmharuithe sa tSalvadóir.

Dáta: Mái 15th Meá, 2020 | 12:48

"Cuirfidh lucht tacaíochta Chearta an Duine fáilte roimh chinneadh na cúirte is airde i Maidrid maidir leis an gCoirnéal Inocente Orlando Montano agus an pháirt a bhí aige i ndúnmharú cúigear Sagart Íosánach arbh shaoránaigh na Spáinne iad. 

Bhí Diagaire na Saoirse Ignacio Ellacuria ag obair ar an bpróiseas síochána sa tSalvadóir lena chomhghleacaithe Segundo Montes, Ignacio Martín-Baró, Juam Ramón Moreno Pardo, Armando López agus Joaquín López y López nuair a dhúnmharaigh baill La Tandona iad, buíon chomhcheilge oifigeach míleata a d'airigh go mbeidís thíos leis dá n-éireodh leis an bpróiseas síochána. Dúnmharaíodh, freisin, Julia Elba Ramos, a bhí ag obair i dteach na nÍosánach, agus a hiníon Celina Ramos a bhí 16 bliana d'aois, agus iarracht á déanamh an próiseas síochána sa tSalvadóir a chur trína chéile.

Sa bhliain 1982, thaisteal Sally O'Neill Sanchez agus mé féin in éineacht le Ignacio Ellacuria, an sagart Spáinneach-Salvadórach, fealsamh agus diagaire, ar fud na Salvadóire, chun cluas le héisteacht a thabhairt d'íospartaigh an fhoréigin stáit, lena n-áirítear daoine muinteartha leo siúd a ndearna fórsaí a raibh tacaíocht acu ó rialtas na SA sléacht orthu in El Mozote. 

Is cor ar ábhar misnigh é dóibh siúd go léir a thacaíonn leis an dlí idirnáisiúnta, an dlínse uilechoiteann agus leis an gcomhoibriú iltaobhach, atá i mbreith na cúirte. Cé nach raibh an chúirt Spáinneach ábalta ciontú a dhéanamh ach i gcás dúnmharuithe réamhbheartaithe an chúigear saoránach Spáinneach ar chúiseanna dlíthiúla, mheas sí  gurbh é Montano a bhí freagrach as bás an ochtair a maraíodh.  

Tá leas déanta ag an mbreithiúnas, ní hamháin do mhuintir na Salvadóire, ach do chóras breithiúnach na tíre agus í ag iarraidh léargas an chórais dlí a thabhairt ar an bhforéigean agus ar an mbrúidiúlacht a bhí ag iarraidh próiseas síochána leochaileach a chur trína chéile.

Is tar éis iarracht fhíorchúramach a cinneadh an Coirnéal Orlando Montano a eiseachadadh. Déanaim comhghairdeas leo siúd go léir a bhí bainteach leis an iarracht.

Fáiltím roimh bhreithiúnas na cúirte agus molaim iad siúd go léir atá fós ag leanúint leis an obair chun ceart a fháil d'íospartaigh uile an fhoréigin.

B'onóir mhór dom féin cuairt a thabhairt sa bhliain 2013 ar an ollscoil ina raibh an seisear fear, a gcócaire agus a hiníon ina gcónaí agus ag obair, agus ómós a thaispeáint dóibh, dá gcomhghleacaithe agus dóibh siúd a d'oibrigh chun iad a choimeád i gcuimhne.

Ag an am, dúirt mé go gcuimhneofar "ar Íosánaigh UCA, ní hamháin mar gheall ar a mbás tragóideach, ach feisin, agus go háirithe, mar gheall ar a bhfealsúnacht ar bhraith siad chomh láidir fúithi agus a ndearna siad cás paiseanta ar a son agus a chuidigh an oiread sin le forbairt paraidímí nua i leith bhochtáin Mheiriceá Laidine."