Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuireann an tUachtarán Ó hUigínn fáilte roimh ráiteas Rúnaí Ginearálta na NA maidir le Gníomhú ar son na hAeráide.

Dáta: Lua 10th Meá, 2018 | 20:28

Tá fáilte curtha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn roimh óráid Rúnaí Ginearálta na NA, António Guterres inar éiligh sé gníomhú práinneach chun deireadh a chur leis an athrú aeráide. 


“Ina óráid inniu, d’fhógair Rúnaí Ginearálta na Náisiún Aontaithe go bhfuil sé i gceist aige Cruinniú Mullaigh faoin Aeráid a ghairm chun gníomhú ar son na haeráide a chur i dtús áite ar an gclár idirnáisiúnta. Is tionscnamh tráthúil atá ansin, a bhfuil práinn mhór leis, mar nach bhfuil an freagra domhanda ar bhagairt an athraithe aeráide sách maith in aon chor.  

Tá foláireamh tugtha ag eolaithe leis na leathscórtha bliain go bhfuil athrú ag teacht ar an aeráid agus tá tuairiscí faighte ón iliomad eagras ar bhuail mé leo go bhfuil fadhbanna fíora agus buana, atá ag eascairt as athruithe i ndálaí aeráide, ag cur isteach ar phobail, ar oileáin agus ar náisiúin leochaileacha.  

Tá sé aontaithe ag an bpobal domhanda, trí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus trí Chomhaontú Pháras, go bhfuil gá le dul i ngleic leis an athrú aeráide. Leis na comhaontuithe sin, tá bonn curtha faoi shamhail nua de shíth shóisialta agus de rath an duine; ceann atá le comhroinnt eatarthu siúd go léir a bhfuil cónaí orthu ar an bpláinéad seo, agus – thar aon rud eile – idir an ghlúin seo agus na glúine atá le teacht fós. 

Inniu, tá Rúnaí Ginearálta na NA tar éis a chur i gcuimhne dúinn go mbeidh praghas ollmhór le híoc má theipeann ar an ngníomhú, ní hamháin i gciall an airgeadais ach i dtaca leis na hiarmhairtí ar an gcine daonna amach anseo.  

Ba cheart dúinn, ar an leibhéal náisiúnta agus domhanda, a ghairm chun gnímh a fhreagairt, agus an deis a thapú na bealaí smaointe, agus an cur chuige maidir leis an rath eacnamaíochta, ar féidir leis an ceangal idir an éiceolaíocht, an eacnamaíocht agus an eitic a athbhunú, a chur chun cinn.