Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn chun taibhithe speisialta Chamber Choir Ireland a eisiúint ó Áras an Uachtaráin

Dáta: Mái 14th Nol, 2021 | 09:49

Tá sé fógartha ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn go n-eiseofar sraith speisialta taibhithe ceoil atá le taifeadadh ag Chamber Choir Ireland in Áras an Uachtaráin don phobal sna laethanta amach romhainn ag tarraingt ar an Nollaig.
 
Beidh na taibhithe, arna stiúradh ag Stiúrthóir Ealaíne Chamber Choir Ireland, Paul Hillier, ar fáil ar president.ie agus ar bhealaí mheáin shóisialta an Uachtaráin.
 
Dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Bhí áthas orm le gairid fáilte a chur roimh Paul Hillier agus baill Chamber Choir Ireland chuig Áras an Uachtaráin, áit ar léirigh siad roinnt taibhithe áille. Tá áthas orm a bheith ábalta na taifid sin, ina n-iomláine, a chur ar fáil don phobal sna laethanta ag druidim ar an Nollaig”

Is é an chéad taifeadadh a chuirfear ar fáil ná táibhiú de ‘On Raglan Road’, á chasadh ag an amhránaí aonair Laura Lamph, atá anois ar fáil mar fhíseáin. Foilsíodh dán Patrick Kavanagh den chéad uair 75 bliain ó shin sa bhliain 1946, agus tá sé 50 bliain ó thaifead na Dubliners an saothar den chéad uair in 1971.
 
Eiseofar roinnt carúl Nollag ó na taifid sna laethanta amach romhainn, chomh maith le ‘The Deer’s Cry’, píosa ceoil a léiríodh le linn chéad insealbhaithe an Uachtaráin Uí Uigínn deich mbliain ó shin in 2011.
 
Anseo a leanas tá sceideal iomlán eisithe na dtaibhithe:

  • Dé Máirt 14 Nollaig: On Raglan Road – Cóiriú Traidisiúnta. Paul Hillier, Aonréadaí: Laura Lamph
  • Dé hAoine 17 Nollaig: Away in a Manger – Cóiriú Traidisiúnta. Paul Hillier
  • Dé Domhnaigh 19 Nollaig: Suantraí ár Slánaitheora – Fintan O’Carroll, Aonréadaí: Charlotte Trepess
  • Dé Céadaoin 22 Nollaig: The Deer’s Cry – Arvo Pärt
  • Lá Nollag 25 Nollaig: A Babe is Born – Eoghan Desmond

 
Tá an tUachtarán Ó hUigínn ina Phátrún ar Chamber Choir Ireland ó thús na bliana  2021, agus ba é seo an chéad uair a rinne siad taibhiú in Áras an Uachtaráin.