Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le bualadh leis an bPápa Proinsias sa Vatacáin

Dáta: Déa 19th Dei, 2023 | 07:11

Buailfidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn lena Naofacht, an Pápa Proinsias ar maidin ag cruinniú príobháideach i Leabharlann an Phontaif sa Vatacáin.
 
Táthar ag súil  go bpléifidh an tUachtarán Ó hUigínn roinnt ceisteanna a bhfuil suim acu beirt iontu leis an bPápa Proinsias, lena n-áirítear dúshláin dhomhanda chónasctha an athraithe aeráide, an imirce, an bhochtaineacht dhomhanda, an tslándáil bhia, cearta an phobail dúchais agus an tsíocháin dhomhanda  Tá ionchur an Phápa Proinsias sa díospóireacht ríthábhachtach ar na ceisteanna sin molta ag an Uachtarán Ó hUigínn, ina measc an imlitir Laudate Deum a d'eisigh sé le gairid.
 
Beidh cruinniú an lae inniu ar an gceathrú coinne dá leithéid idir an tUachtarán Ó hUigínn agus an Pápa Proinsias, tar éis cruinnithe roimhe sin sa Vatacáin in 2017 agus 2021 agus in Áras an Uachtaráin in 2018. Bhuail an tUachtarán Ó hUigínn leis an bPápa Proinsias chomh maith ag oirniú an Phápa in 2013.
 
Bronnfaidh an tUachtarán Ó hUigínn dealbh dar teideal 'The Expelled' a rinne an dealbhóir cáiliúil John Behan RHA ar an bPápa Proinsias ag an gcruinniú. Shocraigh an tUachtarán an píosa sin a bhronnadh ar an bPápa Proinsias mar aitheantas ar an obair ríthábhachtach atá déanta ag an bPápa chun aird an phobail a tharraingt ar chruachás na dteifeach agus na n-imirceach ar fud a domhain.
 
Tar éis a chruinniú príobháideach leis an bPápa Proinsias, beidh cruinniú déthaobhach idir an tUachtarán Ó hUigínn agus Rúnaí Stáit na Vatacáine, an Cairdinéal Parolin.
 
Déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn a bhealach ansin go Campo Santo sa Choláiste Pontaifiúil Teotanach, áit a leagfaidh sé fleasc in onóir an Mhoinsíneora Hugh O’Flaherty, ar shábháil a chuid oibre tiomanta agus cróga le linn fhorghabhála na Naitsíoch ar an Róimh le linn an Dara Cogadh beatha na mílte duine. I mbliana, déantar comóradh ar bhás an Mhoinsíneora O' Flaherty 60 bliain ó shin.
 
Tráthnóna féachfaidh an tUachtarán Ó Uigínn ar an taispeántas 'Ireland and the birth of Europe' i gColáiste Pontaifiúil na hÉireann. Insítear scéal an róil a bhí ag scoláirí agus misinéirí na hÉireann, Naomh Colm Cille agus a lucht leanúna ina measc, i múnlú féiniúlachta roinnte Eorpaí.
 
Tá na himeachtaí ar siúl mar chuid de chlár cúig lá a bhfuil an tUachtarán Ó hUigínn ag tabhairt faoi sa Róimh chun teacht lena rannpháirtíocht san Fhóram Bia Domhanda. Thug an tUachtarán O hUigínn aithisc ag Seisiún Oscailte an Fhóraim agus ag deasghnáth bliantúil Lá an Fhóraim Bia ag an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta de chuid na NA Dé Luain. Dé hAoine tabharfaidh an tUachtarán an príomhaitheasc ag Seisiún Clabhsúir an Fhóraim. Bhuail an tUachtarán le hUachtarán na hIodáile, Sergio Mattarella, ag Pálás Quirinale Dé Máirt.