Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn chun an chéad Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil a chomóradh.

Dáta: Mái 3rd Sam, 2020 | 10:31

Ar an Déardaoin 5 Samhain, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an chéad "Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil" de chuid na Náisiún Aontaithe a chomóradh le haitheasc ag ócáid arna hóstáil ag an Ionad Náisiúnta Taighde agus Acmhainní Frithbhulaíochta in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.
 
Tá Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe EOECNA tar éis an chéad Déardaoin de Shamhain gach bliain a fhógairt mar ‘Lá Idirnáisiúnta in aghaidh an Fhoréigin agus na Bulaíochta ar Scoil, an Chibearbhulaíocht san áireamh’.
 
Tarraingíonn an Lá Idirnáisiúnta nua sin aird ar an bhforéigean scoilbhunaithe de gach cineál, agus tugann sé aitheantas gur sárú cearta páistí agus ógánach maidir lena n-oideachas agus a bhfolláine atá sa bhulaíocht. 
 
Ar feadh a uachtaránachta tá aird tarraingthe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar thionchar millteach an fhoréigin agus na bulaíochta, agus na meáin shóisialta san áireamh. Tá sé ráite ag an Uachtarán go mbíonn tionchar millteach ag na cineálacha foréigin sin ar shaol daoine agus go mbaineann siad a ndínit uathu.
 
Ina aitheasc chun an Lá Idirnáisiúnta a chomóradh, labhróidh an tUachtarán Ó hUigínn faoin bhforéigean scoilbhunaithe de gach cineál mar "sárú tromchúiseach ar chearta oideachais páistí agus ógánach, chomh maith lena gceart bunúsach i dtaca le sláinte agus folláine."
 
Cuirfidh an tUachtarán clabhsúr ar a aitheasc trí bhéim a leagan ar an bhféidearthacht go bhfuil sé indéanta deireadh a chur le foréigean in aghaidh páistí agus ógánach. “Déanaimís go léir gach a bhfuilimid in ann chun an sprioc sin a bhaint amach ar bhonn práinne."