Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Óstálfaidh an tUachtarán seimineár, an chéad cheann de shraith mhachnaimh ar Chomóradh Céad Bliain Chogadh na Saoirse, An Cogadh

Dáta: Déa 19th Sam, 2020 | 12:26

Ar an 4ú Nollaig, óstálfaidh an tUachtarán seimineár, an chéad cheann de shraith mhachnaimh ar Chomóradh Céad Bliain Chogadh na Saoirse, An Cogadh Cathartha agus An Chríochdheighilt.

Beidh fáilte roimh an phobal, i mbaile agus i gcéin, féachaint ar na hócáidí seo ar shuíomh idirlín RTÉ agus an RTÉ Player. Mar gheall ar na srianta a ghabhann le Covid 19, ní bheidh aon lucht féachana beo ag an ócáid i mí an Nollaig, ach táthar ag súil go mbeidh rannpháirtíocht an lucht féachana mar chuid d‘ócáidí Machnamh 100 sa todhchaí.

 

Is tionscnamh de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn atá in Machnamh 100 atá bunaithe ar a shaothar leathan go dtí seo le linn Dheich mBliana Comórtha na hÉireann ina bhfuil iniúchadh agus plé déanta aige ar eachtraí  ceannródaíocha amhail Frithdhúnadh Mór 1913, an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú, toghchán 1918 agus an Chéad Dáil. Tá tacaíocht á tabhairt ag an Rialtas agus ag RTÉ do Machnamh 100.

Is coincheap ársa sa Ghaeilge an focal 'machnamh' a chuimsíonn marana, smaoineamh agus cuimhneamh. Sa bhliain atá amach romhainn, óstálfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn sraith seimineár a thabharfaidh cuireadh do dhaoine machnamh a dhéanamh ar Chogadh na Saoirse, ar Chomhráite an Chonartha, ar Chogadh na gCarad agus ar an gCríochdheighilt. 

Roinnfidh scoláirí ó chúlraí éagsúla agus le raon léargas acu a gcuid tuisceana agus machnaimh ar an gcomhthéacs agus ar na himeachtaí sa tréimhse mhúnlaitheach sin céad bliain ó shin agus ar chineál an chomórtha féin.

Trí Machnamh 100, éascóidh an tUachtarán Ó hUigínn cur i láthair agus plé ar théamaí ar leith, chun iniúchadh níos doimhne a dhéanamh ar ghnéithe éagsúla den tréimhse sin in aistear na hÉireann agus a hoidhreacht i dtaca leis na sochaithe agus na dlínsí a tháinig chun cinn ina dhiaidh sin.

Ar cuireadh ón Uachtarán Ó hUigínn, beidh an staraí agus an craoltóir an Dr. John Bowman ina chathaoirleach ar thrí sheimineár faoi Chogadh na Saoirse dar teideal Comóradh, Coinbhleacht agus Leas an Phobail, a thosóidh i mí na Nollag 2020 agus a mbeidh tuilleadh imeachtaí ag baint leo i mí Feabhra agus i mí na Bealtaine an bhliain seo chugainn. 

Níos déanaí in 2021, déanfaidh an tUachtarán sraith eile seimineár a óstáil a dhíreoidh ar Chogadh na gCarad agus ar bhunú dhá dhlínse éagsúla ar an Oileán.

 

Comóradh, Coinbhleacht agus Leas an Phobail

Beidh an chéad cheann de na trí sheimineár tosaigh ar siúl ar an Aoine, 4 Nollaig. Déanfaidh an seimineár, a mbeidh an teideal 'Dúshláin an Chomórtha Phoiblí ' air, machnamh ar an gComóradh féin agus ar chomthéacsanna na n-imeachtaí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin. 

Tosóidh an tUachtarán le machnamh dár dteideal “ Ar Chomóradh Céad Bliain agus an Fhlaithiúlacht riachtanach agus Machnamh á dhéanamh ar Chuimhne, ar Stair agus ar Mhaithiúnas”.

Freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an tOllamh Ciarán Benson, an an tOllamh Anne Dolan, an tOllamh Michael Laffan agus an tOllamh Joep Leerssen.

Déanfaidh an seisiún oscailte machnamh ar an gcomóradh féin i gcomhthéacsanna an lae inniu agus na n-eachtraí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin. Beidh an chaoi agus an comhthéacs inar tháinig na 'téarmaí comhréitigh' bunreachtúla agus polaitiúla chun cinn in Éirinn, agus an chaoi ar fhreagair na náisiúnaithe agus na haontachtaithe - ag an am agus ó shin i leith - do na struchtúir nua, ina chnámh droma ag an seisiún sin.  Déanfar impleachtaí na bhfreagraí sin maidir leis an gciall a d'fhéadfadh a bheith ag an 'gcomóradh' inniu a chuimsiú sa mhachnamh sin.

 

Feabhra 2021 - Impireacht: Instinní, Leas agus Cumhacht

Déanfaidh an seisiún seo iniúchadh ar Éirinn sna 1920idí i gcomhthéacs na hEorpa tar éis an chogaidh agus í á cur in oiriúint do thorthaí an chogaidh i dtaca le hImpireachtaí na linne. Déanfaidh sé machnamh ar thuairim Impireacht na Breataine agus an saol mar a bhí ag athrú go domhanda maidir le smaointe, gluaiseachtaí agus acmhainní. Déanfar machnamh ar fhrithghníomhú na Breataine in aghaidh dhúshlán na hÉireann maidir lena feachtas míleata, bolscaireachta, polaitiúil agus taidhleoireachta chun tionchar a imirt ar an mbarúil inmheánach agus domhanda.  Déanfaidh sé machnamh, freisin, ar an gcuardach ar réiteach in ainneoin na sáinne míleata agus an chrosbhóthair pholaitiúil i samhradh na bliana 1921.

Fógrófar cainteoirí an imeachta sin níos deireanaí.

 

Bealtaine 2021 – Todhchaí Shamhlaithe á hAisghabháil

Dóchas, aicme agus gnéas i streachailt neamhspleáchais na hÉireann agus i scríobh a staire

  1. Saothar, talamh agus tnúthán
  2. Tá an tsaoirse pearsanta – mná, rannpháirtíocht agus cuspóir.
  3. Machnamh scoir: agus parlaimint Thuaisceart Éireann á tionól, (Meitheamh 1921) agus an bealach á réiteach i gcomhair comhráite comhréitigh idir an Bhreatain agus ionadaithe na Dála leis an Sos Cogaidh míleata (Iúil 1921), cad atá i ndán?

Fógrófar cainteoirí an imeachta seo níos deireanaí.

 

Cuirfear sonraí breise na seimineár agus conas páirt a ghlacadh iontu ar fáil in am agus i dtráth.