Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Lá Fhéile Bríde á chomóradh ag an Uachtarán agus fógra á dhéanamh faoi imeacht a bheidh ar siúl ar Lá Idirnáisiúnta na mBan in Á

Dáta: Mái 1st Fea, 2022 | 16:20

An tUachtarán le cruinniú a óstáil d'eagrais thábhachtacha chun machnamh a dhéanamh ar an ionchur a d'fhéadfadh a bheith acu chun comhionannas inscne a neartú.

Tá sé fógartha ag an Uachtarán Mícheál D. Ó hUiginn go ndéanfaidh sé féin agus Saidhbhín óstáil ar imeacht speisialta ar Lá Idirnáisiúnta na mBan, an 8 Márta, a thabharfaidh raon leathan eagras le chéile in Áras an Uachtaráin chun plé a dhéanamh ar an ionchur a d'fhéadfadh a bheith acu mar ghrúpa le comhionannas inscne a neartú.

Beidh cuireadh á thabhairt ag Oifig an Uachtaráin do na heagrais sin a ghlac páirt in imeacht in Áras an Uachtaráin in 2016 mar chuid d'fheachtas na NA dar teideal Women's HeforShe, chomh maith le  heagrais ábhartha eile, bheith i láthair nó ionadaí a chur chuig an seimineár.  Ceapadh an tUachtarán mar Sheaimpín HeforShe na Náisiún Aontaithe in 2015 chun tacú le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe uimhir 5 de chuid na NA - chun deireadh a chur leis an bhforéigean ar bhonn inscne. 

Ina measc siúd a dtabharfar cuireadh dóibh beidh ceardchumainn agus fostóirí, comhlachtaí seirbhíse poiblí, eagrais spóirt, comhlachtaí cultúrtha, institiúidí oideachais agus ionadaithe mac léinn, grúpaí ban agus tacadóirí le cearta an duine.
Tabharfaidh an tUachtarán aitheasc ag an imeacht, agus iarrfaidh sé ar na comhlachais machnamh agus ullmhúchán a dhéanamh roimh an seimineár ar na gníomhartha ar féidir leo iad a chur i bhfeidhm chun comhionannas inscne a neartú ina n-earnáil féin ionas gur féidir linn athrú dearfach a bhaint amach le chéile i sochaí na hÉireann agus ar bhonn níos leithne.

Ag labhairt dó faoin tionscnamh, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

" Ar feadh na gcéadta bliain, tá comóradh á dhéanamh ag muintir na hÉireann ar an gcéad lá d'Fheabhra agus ceiliúradh á dhéanamh ar Bhríd, ón mbandia ársa go dtí Naomh Bríd. Tugaim mo bheannachtaí ó chroí chuig mná uile na hÉireann ar an lá speisialta seo agus sinn ag féachaint romhainn ar an tús nua a thagann leis an earrach. Tá dhá ghrúpa ann a bhfuil suntas i Lá Fhéile Bríde na bliana seo dóibh a thabharfaidh siad chun cuimhne amach anseo.  Cuirfidh mná gan cáipéisí inimirce agus a gclanna fáilte roimh chearta cónaithe de bharr chinneadh Rialtais le gairid. Cuirfidh mná i bpobail an lucht siúil agus sa phobal Romach fáilte roimh chearta a bpobail a cuireadh in iúl i gcinneadh na Cúirte Uachtaraí ar an ábhar agus a gcaithfidh na húdaráis áitiúla cloí leis. Ar ndóigh, bhí an dá bhliain atá caite an-chrua orainn go léir, agus tá sé ceart go gcuimhneoimid inniu ar an ionchur speisialta a bhí ag na mná agus ar na dúshláin a bhí rompu ar feadh na paindéime.  Bhí dúshláin ar leith roimh chuid mhaith mná, mar shampla, iad siúd a bhí ag obair mar chúramóirí nó inár n-ospidéil, ár dtithe altranais agus ár dteaghlaigh; agus bhí iarmhairtí áirithe ag an bpaindéim ar na mná a bhí ag obair in earnálacha mar an tionscal fáilteachais.  Tuigimid go maith an bhagairt fhíor a bhí roimh chuid mhaith mná i gcaidreamh drochídeach le linn thréimhsí na dianghlasála. Bhí na himeachtaí tragóideacha foréigin in aghaidh na mban le roinnt seachtainí anuas ina ábhar machnaimh práinneach againn, maidir leis na fadhbanna go léir a bhíonn ag cur isteach ar mhná ar bhonn laethúil agus a bhfuil le déanamh chun an foréigean de gach cineál in aghaidh na mban a dhíothú as an tsochaí agus dul i ngleic le comhionannas inscne a fheabhsú go mór. Tá sé ríthábhachtach go n-aistreofaí an t-ábhar buartha sin go gníomhartha praiticiúla chun torthaí níos fearr a fháil do mhná ar fud na sochaí, agus i ngach gné dár saol. Is ar na cúiseanna sin a bhfuil cinneadh déanta agam féin agus Saidhbhín cuireadh a thabhairt do raon leathan comhlachas, a bhfuil ról ríthábhachtach acu agus tionchar á imirt acu ar eispéiris agus deiseanna na mban, chuig Áras an Uachtaráin chun machnamh a dhéanamh ar na céimeanna ar féidir leo iad a ghlacadh agus ar na gníomhartha a chuirfidh siad de cheangal orthu féin chun difear suntasach a dhéanamh i saol na mban agus chun comhionannas inscne níos fearr a chinntiú.   Táimid ag tnúth go mór le fáilte a chur rompu chuig Áras an Uachtaráin agus leis an bplé a dhéanfaimid."