Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán le seimineár ‘Machnamh 100’ a óstáil ar Éirinn agus Impireacht na Breataine

Dáta: Déa 11th Fea, 2021 | 17:01

Beidh an dara seimineár sa tsraith ‘Machnamh 100’ ar siúl Áras an Uachtarán, Déardaoin 25 Feabhra. Óstálfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn seimineár a thabharfaidh chun cuimhne eachtraí suntasacha in Éirinn céad bliain ó shin, i gcomhthéacs na n-athruithe éagsúla a bhí ag tarlú in Impireacht na Breataine.

Sa seimineár dar teideal “Impireacht: Instinní, Leas, Cumhacht agus Frithbheartaíocht”, leanfar le sraith mhachnamhach an Uachtaráin, ‘Machnamh 100’ ar chomhthéacs, iarmhairtí agus tionchair leanúnacha Chogadh na Saoirse, an Chogaidh Chathartha agus na Críochdheighilte. 

Tá cuireadh tugtha ag an Uachtarán Ó hUigínn do scoláirí ceannródaíocha lena dtuairimí agus a léargais a roinnt, ar chúiseanna agus cleachtais Impireacht na Breataine mar a chuaigh siad i bhfeidhm ar Éirinn, i gcomhthéacs domhan a bhí athruithe ó bhun tar éis an Chogaidh Dhomhanda.

Déanfaidh cainteoirí machnamh ar fhreagairt na nÉireannach ar athruithe agus dúshláin na tréimhse, frithghníomhú agus dílseacht do Impireacht ina measc, mar aon leis an gcaoi éagsúil ar réitigh na freagraí seo le cúinsí inathraithe áitiúla agus domhanda.

Déanfaidh an Dr. John Bowman, craoltóir agus stairí, cathaoirleacht ar an seimineár, a mbeidh ionchur ann ag an Uachtarán Ó hUigínn, an tOllamh John Horne (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath), an Dr. Marie Coleman (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste), an Dr. Niamh Gallagher (Coláiste Naomh Caitríona, Cambridge) an tOllamh Eunan O’Halpin (Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath) agus an tOllamh Alvin Jackson (Ollscoil Dhún Éideann).

Mar chuid den ‘chuimhneachán eiticiúil’ nó ‘ethical remembering’ le linn Dheich mBliana na gCuimhneachán, bhunaigh an tUachtarán Ó hUigínn ‘Machnamh 100’ a chuirfí ‘fáilte na n-insintí’ nó ‘hospitality of narratives’ ar fáil. Sa spás seo, tabharfar an deis do scoláirí agus muintir an phobail ar aon, éisteacht le, plé a dhéanamh ar agus critic a sholáthar ar an gcaoi a roinneadh imeachtaí – iad ag teacht ó pheirspictíochtaí éagsúla, agus ar chúiseanna difriúla, fiú – agus meas á léiriú ar thuairimí éagsúla i leith stair na hÉireann, nach bhfuil cluas éisteachta tugtha chomh minic céanna dóibh, b’fhéidir.

In aitheasc sonraithe ag seimineár tionscnaimh ‘Machnamh 100’ ag Áras an Uachtaráin ar 4 Nollaig 2020, thug an tUachtarán Ó hUigínn achoimre ar an spreagadh a bhí aige don tsraith, agus mhaígh sé nach raibh aon mhaitheas ann neamhaird a dhéanamh ar ghnéithe casta, agus uaireanta míchompordacha, dár stair choiteann, agus nach gcabhródh a leithéid linn agus muid ag tabhairt faoi dhúshláin an lae inniu agus amárach.

Tá sé ráite ag an Uachtarán agus muid ag iarraidh todhchaí saor ó ualach réamhchlaontaí agus leaganacha díchumtha an am atá caite, gur iomaí ceacht atá le foghlaim againn ónár stair choiteann, agus ó iomláine a castachta.

Craolfar an seimineár ar Sheinnteoir RTÉ ar 7.00 pm Déardaoin, 25 Feabhra.

 

 

NÓTAÍ DON EAGARTHÓIR

Ó toghadh ina Cheann Stáit é in 2011, bíonn an tUachtarán Ó hUigínn ag treorú chlár náisiúnta na hÉireann do ‘Dheich mBliana na gCuimhneachán. Dá bharr, tá sé mar aidhm ag an Uachtarán machnamh agus plé a spreagadh ar imeachtaí céad bliain ó shin, an comhthéacs a bhaineann leo, agus a n-ábharthacht sa lá atá inniu ann.

Agus é airdeallach faoin ngá leis an machnamh náisiúnta seo a lonnú i léargais éagsúla agus acadúla, ag déanamh iniúchta ar thréimhse a ndearna dearmad uirthi san am atá caite, dhear an tUachtarán Ó hUigínn ‘Machnamh 100’ mar fhóram don mhachnamh, plé, anailís agus iniúchadh.

Bhí an seimineár tionscnaimh ar siúl ar an 4 Nollaig 2020. Bhí John Bowman ina chathaoirleach ar an seimineár dar teideal ‘Dúshláin an Chomórtha Phoiblí’, a rinne machnamh ar an gcomóradh féin agus ar chomhthéacsanna na n-imeachtaí náisiúnta agus domhanda céad bliain ó shin.

Reáchtálfar an dara seimineár ó shraith an Uachtaráin, ‘Machnamh 100’ ar an 25 Feabhra 2021. Déanfaidh painéal scoláirí iniúchadh ar Éirinn, ar Impireacht na Breataine, agus ar an Eoraip athraithe sa tréimhse iarchogaidh. 

Déanfaidh an tríú seimineár, socraithe do Bhealtaine 2021, iniúchadh ar an ról a bhí ag inscne, aicme shóisialta agus talamh sa tréimhse réabhlóideach in Éirinn. Tabharfaidh an Dr Margaret O’Callaghan (Ollscoil na Banríona, Béal Feirste) príomh-mhachnamh an tseimineáir, agus freagróidh na cainteoirí seo a leanas: an Dr Caitríona Clear (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh), an tOllamh Linda Connolly (Ollscoil na hÉireann, Má Nuad), an tUasal Catríona Crowe, cartlannaí, agus an Dr John Cunningham (Ollscoil na hÉireann, Gaillimh).

Tionscnamh de chuid an Uachtaráin Uí Uigínn is ea ‘Machnamh 100’ a thógann ar a shaothar ar chuimhneacháin go dtí seo, ina measc imeachtaí éagsúla cosúil leis an bhfrithdhúnadh Mór in 1913, An Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach na Cásca, Paindéim an Fhliú in 1918, toghchán 1918, tionól na Chéad Dála, an Cogadh Cathartha agus an Chríochdheighilt.

Tá tacaíocht á tabhairt ag an Rialtas agus ag RTÉ do Machnamh 100.