Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le freastal ar chruinniú d'Uachtaráin na hEorpa i Malta

Dáta: Céa 5th Dei, 2022 | 12:39

  • Tugtar le chéile 15 Uachtarán neamhfheidhmiúcháin ó gach cearn den Aontas Eorpach ag cruinniú bliantúil an Ghrúpa Arraiolos
  • An tUachtarán O hUigínn le béim a chur ar an ngá le haghaidh a thabhairt ar na tosca struchtúracha arb iad is cúis le neamhshlándáil bia dhomhanda

 
Tá an tUachtarán Ó hUigínn, i dteannta a mhná Saidhbhín, tar éis taistil go Malta chun páirt a ghlacadh i gcruinniú bliantúil an Ghrúpa Arraiolos de 15 Uachtarán Eorpacha neamhfheidhmiúcháin. 
 
Tá síniú Chonradh na Róimhe 65 bliain ó shin á chomóradh i mbliana agus díreoidh an cruinniú, arna óstáil ag Uachtarán Malta, George Vella, ar athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Institiúidí an Aontais Eorpaigh i gcomhthéacs an chomórtha, thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus dúshláin reatha agus dhomhanda.
 
Sula mbeidh dhá sheisiún ann amárach, déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn freastal inniu (Dé Céadaoin) ar dhinnéar oibre agus le linn an dá lá glacfaidh sé páirt i roinnt cruinnithe déthaobhacha lena chomhghleacaithe ar Ceanna Stáit iad.
 
Táthar ag súil go ndíreoidh cruinniú mhaidin Déardaoin ar ról domhanda agus ábharthacht idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear dúshláin maidir le slándáil, athrú aeráide, imirce agus fuinneamh agus an tslí a gcuirtear i bhfeidhm prionsabal bunaidh na dlúthpháirtíochta.
 
Táthar ag súil go ndéanfaidh seisiún an tráthnóna machnamh ar na bealaí inar féidir leis an AE aghaidh a thabhairt ar éagóracha sóisialta domhanda agus beartais nua a mholadh, lena n-áirítear ceisteanna faoin tslí a d'fhéadfadh sé tuilleadh a dhéanamh chun difríochtaí domhanda maidir le teacht ar chúram sláinte mar vacsaíní agus cógais eile, oideachas, fostaíocht agus soghluaisteacht a laghdú.  Áireofar sa phlé chomh maith machnamh ar conas is féidir aghaidh a thabhairt ar dhúshláin, amhail an gorta i gCorn na hAfraice, tri ghníomhú iltaobhach.
 
Beidh an tUachtarán Ó hUigínn ag leagan béime ar an ngá le dul i ngleic leis na tosca arb iad is cúis le neamhshlándáil bia, lena n-áirítear ceisteanna monaplachta i dtáirgeadh agus i ndáileadh, fiachas agus coimhlint a éiríonn as athrú aeráide.
 
Déanfaidh an tUachtarán tuilleadh machnaimh ar na dúshláin atá roimh an iltaobhachas faoi láthair in aitheasc chuig Tionól Parlaiminte Chomhairle na hEorpa an tseachtain seo chugainn.  Beidh a aitheasc dar teideal “Reasserting the Moral Weight of the Council of Europe”, á thabhairt in Strasbourg Dé Máirt 11 Deireadh Fómhair.