Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUiginn le freastal ar UNCTAD sa Ghinéiv, áit a dtabharfaidh sé eochairaitheasc

Dáta: hAo 20th Sam, 2015 | 15:57

Tá cuireadh faighte ag an Uachtarán an t-eochairaitheasc a thabhairt ag Comhdháil Bainistiú Fiachais de chuid Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt (UNCTAD) sa Ghinéiv Dé Luain (23 Samhain). Tabharfaidh an tUachtarán O hUiginn a aitheasc ar an téama ‘Bainistiú Fiachais i gcomhthéacs na Forbartha agus an Athrú Aeráide’. Beidh Saidhbhín Uí Uiginn i gcuideachta an Uachtaráin ar a thuras go dtí an Ghinéiv, áit a mbeidh roinnt cruinnithe aige le gníomhaireachtaí daonnúla agus de chuid na Náisiún Aontaithe.

Dé Domhnaigh an 22 Samhain

Rachaidh an tUachtarán go dtí an Ghinéiv san iarnóin Dé Domhnaigh. Ar theacht ann dó, cuirfidh an tUasal Patricia O’Brien, Buan-Ionadaí na hÉireann chuig na Náisiúin Aontaithe agus an tUasal Jean-Luc Chopard, Ceannasaí Prótacail do Chantún na Ginéive agus an tAmbasadóir Amando Perez, Leas-Bhuan-Ionadaí Mhisiún na hEilbhéise chuig na Náisiúin Aontaithe, fáilte roimhe.  

Níos deireanaí tráthnóna Dé Domhnaigh beidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uiginn i láthair ag ceolchoirm arna hóstáil ag Coiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge i Halla Victoria sa Ghinéiv. Cuirfidh Mme. Christene Beerli, Leas-Uachtarán Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge fáilte roimhe.

Dé Luain an 23 Samhain

Maidin Dé Luain an 23 Samhain, rachaidh an tUachtarán chuig Comhdháil UNCTAD ag an Palais des Nations. Cuirfidh an Dr Mukhisa Kituyi, Rúnaí Ginearálta UNCTAD fáilte roimhe agus beidh cruinniú foirmiúil acu.

Tar éis a chruinnithe le Rúnaí Ginearálta UNCTAD tabharfaidh an tUachtarán a eochairaitheasc i bPríomh-Halla na gComhdhálacha ar an téama ‘Bainistiú Fiachais i gcomhthéacs na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Athrú Aeráide’.  

Níos deireanaí Maidin Dé Luain beidh cruinnithe foirmiúla ag an Uachtarán leis an Uasal Luis Alberto Arce Catacora, Aire Eacnamaíochta agus Airgeadais Phoiblí na Bolaive, agus leis an Uasal Michael Møller, Stiúrthóir Ginearálta Oifig na NA sa Ghinéiv. 

Tar éis lóin, arna óstáil ag an Dr. Kituyi, fágfaidh an tUachtarán an Palais des Nations i gcomhair chruinniú fhoirmiúil leis an Uasal Zeid Ra’ ad Al Hussein, Coimisinéir um Chearta an Duine de chuid na NA i Palais Wilson.

Tráthnóna Dé Luain tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS),  áit a bhfuil cruinniú foirmiúil socraithe leis an Uasal Guy Ryder, an Stiúrthóir Ginearálta – agus beidh deis aige, freisin, bualadh le baill foirne de chuid na hÉireann. Bhí an tUasal Ryder i láthair i mBaile Átha Cliath nuair a thug an tUachtarán Léacht Cuimhneacháin  Phelan a rinne comóradh ar chion tairbhe Edward Phelan, de bhunadh Phort Láirge, a bhí ina Stiúrthóir ar an EIS ó 1941 go 1948.

Níos deireanaí san oíche beidh an tUachtarán O hUiginn agus Saidhbhín ina n-aíonna oinigh ag dinnéar á óstáil ag an Ambasadóir Patricia O’Brien.

Fillfidh an tUachtarán agus Saidhbhín ar Bhaile Átha Cliath maidin Dé Máirt (24).