Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le freastal ar chorónú An Rí Searlas III i Londain

Dáta: hAo 5th Bea, 2023 | 00:01

Thaisteal Uachtarán na hÉireann, Mícheál D. Ó hUigínn, agus a bhean chéile Saidhbhín go Londain le freastal ar chorónú an Rí Searlas IIIagus Bhanríon Camilla na Ríochta Aontaithe

Is faoi scáth an Rí Searlas a bheidh siad i láthair.

Roimh an gcorónú, freastalóidh an tUachtarán agus Saidhbhín ar fháiltiú i bPálas Buckingham, áit a mbuailfidh siad leis an Rí Searlas.

Is é seo an naoú huair don Uachtarán Ó hUigínn agus an Rí Searlas bualadh lena chéile. Tá caidreamh seanbhunaithe acu tar éis bualadh lena chéile ocht n-uaire roimhe seo le deich mbliana anuas.

Amárach, freastalóidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ar an gcorónú é féin i Mainistir Westminster. Is é seo an chéad uair a bheidh Uachtarán na hÉireann i láthair ag imeacht dá leithéid.

Mar aitheantas ar thiomantas saoil an Rí Searlas don timpeallacht, agus le comóradh a dhéanamh ar an gcorónú, ar iarratas an Uachtaráin agus Shaidhbhín, cuirfidh Comhairle Crann na hÉireann crann darach i gcoillte Aurora, Co. Cill Mhantáin.