Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

President Higgins to address European Advisory Councils on Environment

Dáta: Lua 26th Dei, 2020 | 16:02

Tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an príomhaitheasc ag comhdháil bhliantúil ghréasán Eorpach na gComhairlí Comhairleacha ar an gComhshaol agus ar an bhforbairt inbhuanaithe (gréasán EEAC), arna óstáil ag an gComhairle Náisiúnta Eacnamaíoch agus Shóisialta (NESC).
 
Is é teideal na comhdhála 'Delivering a Just Transition for All: Principles, Policies and Practice', agus díreoidh sí ar an gcaoi ar féidir le prionsabail na córa, na cothroime, an chomhionannais agus an chothromais beartais agus cleachtais a mhúnlú chun aistriú cóir chuig táirgeadh inbuanaithe a chur ar fáil. 
 
Ar feadh a théarma in oifig, tá an tUachtarán Ó hUigínn tar éis béim a leagan ar impleachtaí tromchúiseacha an athraithe aeráide agus foláireamh tugtha aige, mar a rinne sé in óráid chuig Comhthionól Ginearálta na NA, go bhfuil géarchéim na haeráide "ag bogadh níos tapa ná na hiarrachtaí atá á ndéanamh againn nó á n-iarraidh againn chun dul i ngleic léi."  
 
Ina aitheasc do chomhdháil EEAC/NESC, cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn leis na príomhaithisc a thug sé do chomhdháil an ECFE an mhí seo ‘Confronting Planetary Emergencies’ agus do chomhdháil bhliantúil Engineers Ireland, mar ar thug sé breac-chuntas ar na ceangail nach mór dúinn a dhéanamh idir an eacnamaíocht, an comhtháthú sóisialta agus an éiceolaíocht, i bparaidím nua chothromaithe an bheartais.
 
Agus é ag machnamh ar choincheap an 'Aistrithe Chóir', déanfaidh an tUachtarán Ó hUigínn an cás go dteastaíonn athrú córasach go práinneach, agus cuirfidh sé chun cinn bealaí nua i leith ceapadh beartas ar féidir leo an chothroime, an rannpháirtíocht agus an fhorbairt inbhuanaithe a fhorbairt.  
 
Ina óráid, molfaidh an tUachtarán nach mór tabhairt faoi aistrithe suntasacha inár sochaí agus coincheap an 'Aistrithe Chóir' inár n-intinn againn, rud a chinnteoidh go ndéanfar na daoine is leochailí a chosaint agus a chumhachtú agus mar thoradh air sin go mbeidh rannpháirtíocht fhiúntach acu i bpróisis an athraithe.