Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le haitheasc a thabhairt do Chomhairle na hEorpa in Strasbourg inniu

Dáta: Mái 11th Dei, 2022 | 09:20

Tabharfaidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, aitheasc do Thionól Parlaiminte Chomhairle na hEorpa in Strasbourg inniu.  
 
Beidh sé sin ar an dara huair a thug an tUachtarán Ó hUigínn aitheasc  do Chomhairle na hEorpa agus é ina Uachtarán, tar éis dó aitheasc a thabhairt don Tionól roimhe sin ar an 27 Eanáir 2015. Beidh cuairt an lae inniu ar siúl le linn d'Éirinn a bheith ina hUachtarán ar Choiste na nAirí de Chomhairle na hEorpa, a ritheann ón 20 Bealtaine go dtí an 7 Samhain.
 
Ina aitheasc, dar teideal “Reasserting the Moral Weight of the Council of Europe”, déanfaidh an tUachtarán machnamh ar na dúshláin ollmhóra reatha roimh an iltaobhachas, lena n-áirítear iarmhairtí an ionraidh mhídhleathaigh ag an Rúis ar an Úcráin.  Beidh sé ag tabhairt aghaidh chomh maith ar ghéarchéim mhillteanach na heaspa slándála bia i gCorn na hAfraice, chomh maith le haird a tharraingt ar an ngá le fís níos fadbhreathnaithí ar ról Chomhairle na hEorpa san Eoraip i ndiaidh coinbhleachta a leagan amach, agus conas a d'fhéadfadh an ról sin teacht le hollstruchtúr institiúideach agus iltaobhach domhanda níos leithne agus níos éifeachtaí.
 
I bhfianaise an tsuntais a bhaineann leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, ceann a bhfuil meas air agus a ndéantar aithris air ar fud an domhain, leagfaidh an tUachtarán béim ar láidreachtaí agus deiseanna bunúsacha na Comhairle i gcur chun cinn na síochána, agus molfaidh sé go ndéanfaí an Coinbhinsiún a ghairm an athuair, cur leis, é a threisiú agus a athdhearbhú ionas go mbeidh sé ina chuid den dioscúrsa i measc an ghnáthphobail Eorpaigh.
 
Cuirfidh an tUachtarán béim ar an ngá go mbeadh saoránaigh i ngleic le hobair Chomhairle na hEorpa, ach an oiread le hobair na Náisiún Aontaithe, agus go mbeadh Ballstáit ag soláthar slite a bheadh trédhearcach agus freagrach in obair na n-institiúidí domhanda agus réigiúnacha.
 
Luafaidh an tUachtarán O hUigínn go raibh an bhliain inar thug sé a aitheasc deireanach don Chomhairle ar an mbliain chéanna ina raibh cuid de na tuartha dóchais ab fhearr ar domhan, i bhfoirm na n-aontuithe i Nua Eabhrac agus i bPáras maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus COP21, a chuir eiseamláir ar fáil dúinn de thógáil todhchaí inbhuanaithe don chine daonna agus dár bpláinéad.  
 
Má thógtar ar an tsamhail sin, déanfaidh an tUachtarán an cás nár mhór do Chomhairle na hEorpa díriú ar chearta neamh-inroinnte an duine, i ngach gné díobh, agus gealladh go gcloífear le sainmhíniú níos leithne den tslándáil chuimsitheach san Eoraip. D'fhéadfadh a leithéid de shainmhíniú cur le cur chuige uilíoch bunaithe ar chearta an duine san Eoraip maidir le slándáil, slándáil a chuimsíonn an ceart maireachtáil saor ó easpa slándála bia agus cearta uile na rannpháirtíochta. 
 
Agus é ag tabhairt aghaidh ar bhagairt an ghorta i gCorn na hAfraice, luafaidh an tUachtarán an tábhacht le spriocanna daonnúlacha gearrthéarmacha, ar aontaíodh iad chun dul i ngleic leis na heasnaimh phráinneacha agus beathaí a tharrtháil, a bhaint amach. Luafaidh sé, freisin, nach leor an méad sin as féin, agus tarraingeoidh sé aird ar an ngá le dul i ngleic leis na tosca struchtúrtha a chuireann leis an easpa bia agus é sin a dhéanamh ó dhearcadh bunaithe ar chearta, agus déileáil le ceisteanna amhail  fiachas, agus smacht monaplach ar tháirgeadh agus ar dháileadh príomhbhia.
 
Níos deireanaí tráthnóna, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine, áit a mbuailfidh sé le hUachtarán na Cúirte, Róbert Spanó. Beidh an tUasal Spanó i gcuideachta Leas-Uachtarán na Cúirte, Síofra O'Leary a toghadh le gairid ina hUachtarán ar an gCúirt agus a ghlacfaidh leis an oifig ar an 1 Samhain. Beidh an tUasal O'Leary ar an gcéad bhean agus ar an gcéad Éireannach ar an gCúirt.
 
Chomh maith lena aitheasc, beidh cruinnithe ag an Uachtarán Ó hUigínn ar maidin le hUachtarán an Tionóil Pharlaimintigh, Tiny Cox, agus le hArd-Rúnaí Chomhairle na hEorpa, Marija Pejčinović Burić. Breathnóidh an tUachtarán, chomh maith, ar thaispeántas grianghraf a dhéanann comóradh ar Choinbhinsiún Bheirn in Éirinn 40 bliain ó shin, ionstraim cheangailteach idirnáisiúnta i réimse chaomhnú an dúlra.