Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt an Uachtaráin Uí Uigínn ar Chiarraí

Dáta: Déa 15th Fea, 2018 | 14:48

Beidh Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn ag freastal ar roinnt imeachtaí i gCo. Chiarraí an tseachtain seo.

Dé hAoine 16 Feabhra, beidh an tUachtarán i nGaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí le freastal ar an bhféile cheoil thraidisiúnta Scoil Cheoil an Earraigh. Beidh an tUachtarán i láthair ag ceolchoirm speisialta dar teideal ‘Mórtas – Pride of People and Place’ – ar an bhFeothanach.

Dé Sathairn 17 Feabhra, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Réadlann Dhairbhre chun a chreidiúnú mar Stáisiún Céad Bliain a chomóradh.

Is stáisiún aimsire atá á reáchtáil ag Met Éireann atá sa Réadlann agus déanann sé tomhais mheitéareolaíochta ar an talamh agus san aer uachtair.
Bhronn an Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta (WMO) teastas creidiúnaithe mar Stáisiún Céad Bliain ar an Réadlann mar aitheantas ar na breathnuithe meitéareolaíochta leanúnacha ardchaighdeáin atá déanta aige ar feadh 100 bliain.

Níos deireanaí an lá sin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Stáisiún Cábla Thrasatlantaigh Dhairbhre.

160 bliain ó shin, leagadh an chéad Chábla Trasatlantach a cheangail an Eoraip le Meiriceá Thuaidh. Rinne an cábla teilegraif nasc idir Chuan Dhairbhre in Éirinn le Cuan na Tríonóide i dTalamh an Éisc.  

Is sa bhliain 1845 a beartaíodh an cábla a leagan ar dtús, agus tar éis roinnt iarrachtaí cábla trasatlantach a thógáil, ar theip orthu, chuaigh an Stáisiún Cábla Thrasatlantaigh i nDairbhre i mbun oibre den chéad uair in 1866 agus lean sé ag obair go dtí 1966.  Tá Fondúireacht Dhairbhre um Chábla Trasatlantach ag obair chun an Cábla Trasatlantach a ainmniú mar thionscadal Oidhreachta Domhanda de chuid Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe.