Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn le cuairt a thabhairt ar Vítneam agus Laos

Dáta: Céa 2nd Sam, 2016 | 13:20

 Tabharfaidh an tUachtarán  Micheál D. Ó hUigínn faoi Chuairt Stáit chuig Vítneam, ar cuireadh ón Uachtarán Tran Dai Quang, ón 6 go dtí an 14 Samhain.

Déanfaidh an Chuairt Stáit comóradh ar 20 bliain de chaidreamh taidhleoireachta idir Vítneam agus Éire.

I ndiaidh na Cuairte Stáit chuig Vítneam beidh Cuairt Oifigiúil chuig Laos.

Beidh Saidhbhín Uí Uigínn i gcuideachta an Uachtaráin. Is é an tAire Charles Flanagan a bheidh ina aire tionlacain ar an gCuairt Stáit seo.

Dé Luain, 7 Samhain, cuirfear searmanas fáilte roimh an Uachtarán i bPálás an Uachtaráin i Hanoi, agus déanfaidh sé iniúchadh ar gharda onóra.  Tar éis an tsearmanais, beidh cruinniú foirmiúil ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn leis an Uachtarán Tran Dai Quang, sula dtabharfaidh sé cuairt ar an gComhthionól Náisiúnta i gcomhair cruinniú le Cathaoirleach pharlaimint Vítneam.

Dé Máirt 8 Samhain, leagfaidh an tUachtarán bláthfhleasc ag Séadchomhartha na Laochra agus na Mairtíreach Náisiúnta i Hanoi. Níos deireanaí sa lá, tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn an príomhaitheasc ag Ollscoil Náisiúnta Vítneam, an ollscoil is sine sa tír.

Ina óráid, tabharfaidh an tUachtarán chun cuimhne stair agus cultúr na hÉireann agus Vítneam, taithí an dá náisiún maidir leis an gcoilíneachas, an bóthar a ghlac siad chuig an neamhspleáchas agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh acu samhlacha nua den fhorbairt shóisialta agus eacnamaíochta a mhúnlú. Chomh maith leis sin, roinnfidh an tUachtarán a chuid smaointe ar na dúshláin náisiúnta agus idirnáisiúnta roimh an dá thír, maidir le hathrú aeráide, bochtaineacht dhomhanda, forbairt inbhuanaithe, comhionannas inscne, samhlacha airgeadaithe cothroma agus an gá le hathbhreithniú a dhéanamh ar ról an iltaobhachais.

San iarnóin beidh cruinnithe ag an Uachtarán leis an bPríomh-Aire Nguyen Xuan Phuc agus le Rúnaí-Ginearálta Pháirtí Chumannaigh Vítneam, Nguyen Phu Trong, agus ina dhiaidh sin déanfaidh sé freastal ar fháiltiú a bheidh á óstáil in onóir an Uachtaráin Uí Uigínn ag Ambasadóir na hÉireann chuig Vítneam, Cáit Moran. Ina dhiaidh sin beidh ceolchoirm in Áras Ceoldrámaíochta Hanoi.

Dé Céadaoin 9 Samhain, rachaidh an tUachtarán go Dong Ha, chun cuairt a thabhairt ar Ionad Oideachais Mianach Talún agus chun obair phraiticiúil thionscadail maidir le glanadh mianach a fheiceáil.

Déardaoin 10 Samhain, buailfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le hionadaithe pobal agus eagras atá bainteach le cláir laghdaithe bochtaineachta, sula rachaidh sé ar aghaidh chuig Cathair Ho Chi Minh.

Dé hAoine 11 Samhain, buailfidh an tUachtarán le hionadaithe earnálacha gnó na hÉireann agus Vítneam, agus ina dhiaidh sin le ceannairí sibhialta agus polaitiúla i gCathair Ho Chi Minh.

Dé Sathairn 12 Samhain, buailfidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn le hEagrais Neamhrialtasacha agus le heagrais atá ag obair i gcomhar le Cúnamh Éireann, mar chuid de chlár laghdaithe bochtaineachta i Vítneam.

Dé Domhnaigh 13 Samhain, buailfidh an tUachtarán le hionadaithe Aireacht Turasóireachta Vítneam agus le gníomhaireachtaí bainteacha.

Dé Luain, 14 Samhain, rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn ar aghaidh chuig Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos.

Dé Máirt 15 Samhain, cuirfidh an tUachtarán Bounnhang Vorachith searmanas fáiltithe roimh an Uachtarán. Ina dhiaidh sin beidh cruinniú leis an bPríomh-Aire Thongloun Sisoulith.

Ina dhiaidh sin rachaidh an tUachtarán chun bualadh le Cathaoirleach an Chomhthionóil Náisiúnta, Pany Yathotou. Cuirfear fáilte roimh an Uachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag Féasta Stáit, agus beidh taibhiú ann de cheol agus damhsa traidisiúnta Laosach.

Dé Céadaoin 16 Samhain, tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn cuairt ar theampall Wat Sasiket agus ar Institiuid Náisiúnta Turasóireachta agus Fáilteachais Laos. Níos deireanaí beidh an tUachtarán ag freastal ar fháiltiú don phobal Éireannach i Laos. Tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar ospidéal Mahasot i Vientiane chun léargas a fháil ar chothú luath-óige.

Dé Céadaoin 16 Samhain tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn aghaidh ar Bhaile Átha Cliath, mar a ndéanfaidh an tUachtarán léirbhreithniú ar Gharda Onóra ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, Déardaoin 17 Samhain.