Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Cuairt Stáit ar an bPoblacht Heilléanach

Dáta: Dom 18th Fea, 2018 | 09:40

Dhearbhaigh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn inniu (18 Feabhra) go bhfuil sé tar éis glacadh le cuireadh óna Shoilse, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí, Prokopios Pavlopoulos, Cuairt Stáit a thabhairt ar an bPoblacht Heilléanach.

Tosóidh an Chuairt Stáit, Déardaoin 22 Feabhra, le searmanas fleascleagain ag Tuama an tSaighdiúra Anaithnid san Aithin, agus ina dhiaidh sin beidh searmanas fáiltithe in Áras Uachtaráin a Shoilse, Prokopios Pavlopoulos, Uachtarán na Poblachta Heilléanaí.

Buailfidh an bheirt Cheann Stáit le chéile i gcomhair cruinniú déthaobhach, agus ina dhiaidh sin buailfidh an tUachtarán leis an bPríomh-Aire Alexis Tsipras. Buailfidh an tUachtarán, chomh maith, le Ceannaire an Fhreasúra, an tUasal Kyriakos Mitsotakis agus le Méara na hAithne, an tUasal Yiorgos Kaminis.

Sa tráthnona cuirfidh an tUachtarán Pavlopoulos agus a bhean chéile Dinnéar Stáit ar siúl in onóir an Uachtaráin Uí Uigínn agus a mhná Saidhbhín.

Ar an dara lá (Dé hAoine 23 Feabhra), labhróidh an tUachtarán Ó hUigínn le cruinniú céadphroinne a bheidh ar siúl le haghaidh ceannairí gnó na hÉireann agus na Gréige, ar ócáid a bheidh á hóstáil ag Ambasadóir na hÉireann sa Ghréig, i gcomhpháirt le Fiontraíocht Éireann, Επιχειρήσεις Ελλάδα agus Bord Bia.

Níos deireanaí an mhaidin sin, bronnfar Dochtúireacht Oinigh ar an Uachtarán Ó hUigínn in Ollscoil na hAithne. Ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán Ó hUigínn léacht faoin gcaidreamh seanbhunaithe agus buan idir Éire agus an Ghréig agus faoina dtodhchaí chomhroinnte.

San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín cuairt ar Mhúsaem an Acrapolais san Aithin, agus ina dhaidh sin ar an bPartanón. An oíche sin, beidh siamsa speisialta á dhéanamh ag taibheoirí  Éireannacha agus Gréagacha i Halla Ceolchoirme Megaron, arna eagrú ag Cultúr Éireann agus Ambasáid na hÉireann. Ina dhiaidh sin cuirfear fáiltiú ar siúl in onóir an Uachtaráin agus Shaidhbhín Uí Uigínn, arna óstáil ag Ambasadóir na hÉireann, Orla O’Hanrahan agus Claude Malone.

Dé Sathairn 24 Feabhra, tabharfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín cuairt ar champa dídeanaithe gar don Aithin.