Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán Ó hUigínn chun taisteal go dtí an Róimh i gcomhair sraith cruinnithe ardleibhéil

Dáta: hAo 10th Meá, 2021 | 11:16

Rachaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn go dtí an Róimh an tseachtain seo chugainn i gcomhair sraith cruinnithe ardleibhéil, mar a ndéanfar todhchaí an chomhoibrithe Eorpaigh i ndomhan iarphaindéime a phlé. 

Ar cuireadh dó ag Uachtarán Phoblacht na hIodáile, A Shoilse Sergio Mattarella, beidh an tUachtarán Ó hUigínn páirteach i gcruinniú de ‘Ghrúpa Arraiolos’ Uachtaráin an AE. Tá 15 Uachtarán neamhfheidhmiúcháin sa ghrúpa a chruinníonn uair sa bhliain chun ceisteanna na linne a phlé. 

Beidh an cruinniú ar siúl in Palazzo del Quirinale sa Róimh, Dé Céadaoin, 15 Meán Fómhair. Déanfaidh na 15 Ceann Stáit machnamh ar an gcomhoibriú Eorpach in éadan na ndúshlán domhanda, ina measc na hathruithe eacnamaíochta atá de dhíth i ndiaidh Covid agus an plé ar Thodhchaí na hEorpa atá ar siúl faoi láthair. 

Dé hAoine 17 Meán Fómhair, pléifidh an tUachtarán Ó hUigínn na ceisteanna sin agus cinn eile leis an bPápa Proinsias; tá tagairt déanta go minic ag an Uachtarán Ó hUiginn do ráitis inspioráideacha an Phápa ar cheisteanna amhail an fhorbairt, an imirce agus an t-athrú aeráide.

Áirítear sa phlean turais, freisin, cruinnithe déthaobhacha le hUachtarán na hIodáile Sergio Mattarella, Uachtarán Mhálta, an Dr. George Vella, Uachtarán na hOstaire, Alexander Van der Bellen, Uachtarán Marcelo Rebelo De Sousa na Portaingéile agus Uachtarán na Fionlainne, Sauli Niinistö.

I gcomhthéacs ról na hÉireann ar Chomhairle Slándála na NA agus Chruinniú Mullaigh na gCóras Bia de chuid na NA atá le teacht, beidh an tUachtarán Ó hUigínn ag bualadh freisin le hArd-Stiúrthóir Fhoras Bia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe, Qu Dongyu. Chomh maith leis sin, beidh plé á dhéanamh aige ar chaidreamh na hÉireann leis an gClár Bia Domhanda le baill foirne na heagraíochta sin.

Cuirfidh an tUachtarán Ó hUigínn tús lena chuairt le cruinniú le roinnt ball den phobal Éireannach sa Róimh sa Villa Spada, arna eagrú ag Ambasadóir na hÉireann chuig an Iodáil, an tUasal Colm Ó Floinn agus ag an Ambasadóir chuig an Suí Naofa, an tUasal Derek Hannon.