Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Fógraíonn an tUachtarán sonraí an chláir imeachtaí le linn na Cuairte Stáit ar an Astráil

Dáta: Mái 3rd Dei, 2017 | 11:51


Tabharfaidh an tUachtarán Micheál D. Ó hUigínn Cuairt Stáit ar an Astráil ón 7 go dtí an 23 Deireadh Fómhair, ar cuireadh ó Rialtas na hAstráile.

Beidh Saidhbhín Uí Uigínn i gcuideachta an Uachtaráin. Beidh sé seo ar an gcéad Chuairt Stáit ag Uachtarán na hÉireann ar an Astráil ón mbliain 1998.

San iarnóin Dé Céadaoin, 4 Deireadh Fómhair, cuirfear Onóracha Míleata ar fáil in Áras an Uachtaráin agus an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn ag cur tús lena n-aistear chuig an Astráil. (Cuirfidh Óglaigh na hÉireann sonraí ar fáil).   

Perth

Beidh cruinnithe neamhfhoirmiúla ag an Uachtarán in Perth roimh thús oifigiúil na Cuairte Stáit, agus é le cuairt a thabhairt ar Phríosún Fremantle agus le bheith i láthair ag na Cluichí Craobhchomórtais Astraláiseacha de chuid CLG.  

Dé Luain, 9 Deireadh Fómhair, cuirfear fáilte roimh an Uachtarán ag Government House in Perth, le searmanas traidisiúnta “Welcome To Country” de chuid na seanóirí bundúchasacha  agus le fáilte fhoirmiúil ó Ghobharnóir na hAstráile Thiar, a Shoilse Kerry Sanderson AC.

San iarnóin nochtfaidh an tUachtarán Leacht Cuimhneacháin an Ghorta Mhóir i bPáirc Subiaco. Is iad Charlie Smith agus Joan Walsh-Smith, de bhunadh Phort Láirge, a dhear an dealbh a dhéanann comóradh ar an nGorta Mór.  

Sa tráthnóna, buailfidh an tUachtarán leis an Ró-Onórach Mark McGowan MLA, Príomh-Aire na hAstráile Thiar.

Dé Máirt, 10 Deireadh Fómhair, beidh an tUachtarán Ó hUigínn ar an gcéad Cheann Stáit a thabharfaidh aitheasc do chomhthionól Thithe Pharlaimint na hAstráile Thiar.  

Níos deireanaí an lá sin, bronnfar dochtúireacht oinigh ar an Uachtarán in Ollscoil na hAstráile Thiar; ina dhiaidh sin tabharfaidh an tUachtarán aitheasc ar “Éire agus an Astráil – Caidreamh Domhain, Stairiúil agus Luachmhar."

Sa tráthnóna, cuirfidh an tUachtarán fáiltiú ar siúl don phobal Éireannach in Perth, sula rachaidh sé ar aghaidh chuig an gceolchoirm dar teideal “Sense of Ireland”, a eagraíodh in onóir na Cuairte Stáit.
 

Melbourne

Déardaoin 12 Deireadh Fómhair, buailfidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn leis an Ró-Onórach Daniel Andrews MP, Príomh-Aire Victoria.

San iarnóin, labhróidh an tUachtarán le grúpa cuideachtaí atá ag obair le Fiontraíocht Éireann, mar chuid de chlár imeachtaí na Cuairte Stáit a bheidh ag tacú le hobair Fhiontraíocht Éireann agus an Údaráis Forbartha Tionscail san Astráil. Taistealóidh níos mó ná 50 cliantchuideachta de chuid Fiontraíocht Éireann chuig an Astráil le páirt a ghlacadh sa chlár trádála agus infheistíochta i gcomhthéacs Chuairt Stáit an Uachtaráin.

Sa tráthnóna, bronnfar dochtúireacht oinigh ar an Uachtarán in Ollscoil Melbourne, áit a dtabharfaidh an tUachtarán eochairaitheasc dar teideal “An díospóireacht faoin eacnamaíocht agus a dhiminsin Éireannacha-Astrálacha”, a dhíreoidh ar mhúineadh theoiric na heacnamaíochta, ón díospóireacht luath ar an eacnamaíocht in aimsir an Ghorta Mhóir, ionchur na hAstráile agus tionchar na teoirice ar bheartas sa lá atá inniu ann.


Dé hAoine 13 Deireadh Fómhair, buailfidh an tUachtarán lena Soilse Linda Dessau AC, Gobharnóir Victoria, ag Government House. Níos deireanaí an lá sin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Irish Australian Support and Resource Bureau. Sa tráthnóna, cuirfidh an tUachtarán fáiltiú ar siúl do bhaill an phobail Éireannaigh in Victoria.

Hobart

Dé Sathairn 14 Deireadh Fómhair, rachaidh an tUachtarán agus Saidhbhín chuig Hobart sa Tasmáin, áit a nochtfaidh siad dealbha leis an dealbhóir Éireannach Rowan Gillespie a dhéanann comóradh ar na mílte daoránach mná a díbríodh chuig an Tasmáin.  

Rachaidh an tUachtarán ar aghaidh chuig Cascades Female Factory, Láithreán Oidhreachta Domhanda atá tiomnaithe do chuimhne na mílte bean agus páiste a cuireadh i bpríosún ann.

Sa tráthnóna, beidh cruinnithe ag an Uachtarán leis an Ró-Onórach Kate Warner, Gobharnóir na Tasmáine.

Canberra

Dé Luain 16 Deireadh Fómhair, leagfaidh an tUachtarán fleasc ag Leacht Cuimhneacháin  Chogaidh na hAstráile in Canberra, príomhchathair na hAstráile. Rachaidh an tUachtarán ansin chuig Parliament House le haghaidh cruinnithe le Príomh-Aire na hAstráile, Malcolm Turnbull.  

Níos deireanaí an mhaidin sin, buailfidh an tUachtarán le Sir Peter Cosgrove, Gobharnóir Ginearálta Chomhlathas na hAstráile.
Beidh cruinnithe ag an Uachtarán, chomh maith, leis an Ró-Onórach Bill Shorten MP, ceannaire an fhreasúra i bParlaimint na hAstráile, leis an Ró-Onórach Tony Smith MP, Spéicéir Theach na nIonadaithe agus leis an Ró-Onórach Stephen Parry, Uachtarán an tSeanaid, i gcomhar leis an nGrúpa Cairdis Parlaiminte Éireannach-Astrálach.  
 
Sa tráthnóna, buailfidh an tUachtarán le baill an phobail Éireannaigh in Canberra chomh maith le hionadaithe na mBundúchasach áitiúil.  
 
Sydney
 
Ar an 17 Deireadh Fómhair, labhróidh an tUachtarán le cruinniú mór de chliantchuideachtaí de chuid Fiontraíocht Éireann, a gcuid custaiméirí Astrálacha agus a bpáirtithe trádála ionchais. Is cuid de chlár imeachtaí a eagraíodh i gcomhthéacs Chuairt Stáit an Uachtaráin, chun tacú le hobair Fhiontraíocht Éireann agus an Údaráis Forbartha Tionscail, a bheidh sa chruinniú.  
 
San iarnóin, buailfidh an tUachtarán lena Shoilse Ró-Onórach David Hurley, Gobharnóir New South Wales.
 
Ar an 18 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar Leacht Cuimhneacháin na hAstráile ar Ghorta Mór na hÉireann, i gcuideachta an Ró-Onóraigh Gladys Berejiklian, Príomh-Aire New South Wales. Déanann an leacht comóradh ar na mná óga a díbríodh chuig an Astráil faoin scéim ‘Earl Grey’. I ndiaidh an tsearmanais, rachaidh an tUachtarán chuig Beairic Hyde Park, an chéad bheairic do dhaoránaigh in New South Wales, agus Leabharlann Stáit New South Wales.
 
San iarnóin, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an Australian Rugby Union High Performance Centre.
 
Ar an 19 Deireadh Fómhair, rachaidh an tUachtarán Ó hUigínn ar cuairt ar áitreabh cuideachta a bhfuil tacaíocht faighte aige ón ÚFT, sula dtéann sé ar aghaidh chuig Ollscoil New South Wales mar a dtabharfaidh sé an príomhaitheasc dar teideal “Sharing the Tasks of Ethical Remembering – Ireland and Australia.”
 
Dé hAoine 20 Deireadh Fómhair, labhróidh sé ag imeacht a bheidh á óstáil ag Turasóireacht Éireann, agus buailfidh sé le baill de Chiste na hAstráile - na hÉireann.
 
Dé Sathairn 21 Deireadh Fómhair, tabharfaidh an tUachtarán cuairt ar an nGníomhaireacht Tacaíochta Éireannach ag Bondi, a thugann tacaíocht do bhaill leochaileacha an phobail Éireannaigh in Sydney.

Brisbane
 
Ar a theacht chuig Brisbane, rachaidh an tUachtarán ar aghaidh leis an oíche a chaitheamh in Warwick in Queensland, áit a mbuailfidh sé le baill an phobail Éireannaigh agus an diaspóra, agus tabharfaidh sé cuairt ar uaigheanna agus áitribh chuid de chlann Uí Uigínn.  

Dé Luain 23 Deireadh Fómhair, beidh cruinnithe ag an Uachtarán leis an Ró-Onórach Paul de Jersey, Gobharnór Queensland, agus ina dhiadh sin tabharfaidh sé cuairt ar cheanncheathrú Flight Centre, cuideachta a fuair tacaíocht ón ÚFT atá bunaithe in Brisbane.
 
San iarnóin, cuirfidh an tUachtarán fáiltiú ar siúl don phobal Éireannach in Brisbane, agus beidh cur i láthair á dhéanamh ag Lárionad na dTaibh-Ealaíon Bundúchasach (Aboriginal Centre for the Performing Arts).
 
I ndiaidh an fháiltithe, fágfaidh an tUachtarán agus Saidhbhín slán ag an Astráil, agus cuirfidh siad tús le Cuairt Stáit ar an Nua-Shéalainn.