Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le Cóisir Ghairdín a óstáil le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 100 bliain fhoilsiú Uly

Dáta: Dom 12th Mei, 2022 | 11:53

An tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le Cóisir Ghairdín a óstáil le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 100 bliain fhoilsiú Ulysses

Is é an ócáid seo an 60ú Cóisir Ghairdín ó insealbhaíodh an tUachtarán Ó hUigínn agus is é an chéad Chóisir Gairdín a reáchtáltar tar éis thús phaindéim COVID-19.

Cúig Chóisir Ghairdín agus dhá Cheolchoirm Uachtaránachta le bheith ar siúl thar an gcéad mhí eile.

Óstálfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín Cóisir Ghairdín speisialta ag Áras an Uachtaráin inniu le ceiliúradh a dhéanamh ar chomóradh 100 bliain ó foilsíodh Ulysses James Joyce i 1922.

Beidh an ócáid seo, a reáchtálfar le linn sheachtain Bloomsday, á cur i láthair ag Tommy Tiernan agus beidh óráidí ón Uachtarán Ó hUigínn agus ón Ollamh Declan Kiberd, údar ‘Ulysses and Us’, anuas ar thaispeántas ceoil ó ealaíontóirí éagsúla, Camille O’Sullivan, Simon Morgan, Noel O’Grady agus The Stunning ina measc.

Beidh tuairim is 350-400 aoi i láthair ag an gcóisir, a mbeidh an téama cruthú agus díoladh leabhar aici, le formhór na n-aíonna mar ionadaithe ar fhoilsitheoirí agus ar shiopaí leabhar Éireannacha. Tá sé ráite ag cuid acu a bheidh i láthair go mbeidh siad gléasta i bhfeisteas Bloomsday.

Is é seo an 60ú Cóisir Ghairdín théamúil arna óstáil ag an Uachtarán Ó hUigínn ag Áras an Uachtaráin ó toghadh é d’oifig an Uachtaráin, le níos mó ná 20,000 i láthair ag na hócáidí seo ó 2011 i leith.

Beidh ócáid an lae inniu mar an chéad Chóisir Ghairdín ó thús phaindéim COVID-19 agus is é an chéad cheann i sraith cúig Chóisir Ghairdín agus dhá Cheolchoirm Uachtaránachta a bheidh ar siúl go ceann míosa.

Reáchtálfar ócáid phobail do Ghaolta 1916 Dé Céadaoin 15 Meitheamh, agus beidh Lá Teaghlaigh ar siúl Dé Sathairn 18 Meitheamh, mar aon le hócáid HeForShe 23 Meitheamh agus Lá Comhphobail Dé Domhnaigh 26 Meitheamh. Beidh an dá Cheolchoirm Uachtaránachta ar siúl Dé Céadaoin 29 Meitheamh agus Dé hAoine 1 Iúil.

I ráiteas, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn:

“Cé go mbíonn céad Chóisir Ghairdín an tsamhraidh i gcónaí speisialta, is pléisiúr faoi leith í i mbliana. Cosúil le lear mór imeachtaí éagsúla ar fud na tíre, b’éigean Cóisirí Gairdín an Árais a chur ar ceal in 2020 agus in 2021, nuair a thángamar le chéile mar phobal domhanda le dul i ngleic le dúshlán ollmhór phaindéim COVID-19.

Tá an-áthas ar Shaidhbhín agus orm féin filleadh arís ar na hócáidí úd an samhradh seo, agus ag leanúint thraidisiún ár gcéad Uachtaráin Dubhghlas de hÍde, fáilte a chur roimh ár gcomhshaoránaigh le teacht chuig an Áras agus tráthnóna a chaitheamh ag baint sult as an teach agus as na gairdíní áille. Dar ndóigh, tá comóradh céad bliain d’fhoilsiú Ulysses James Joyce i mbliana, agus dá bharr tá tábhacht faoi leith ag ceiliúradh Bloomsday i mbliana.

Cuireann ceiliúradh Ulysses i gcuimhne dúinn cén fáth ar chóir dúinn a bheith chomh buíoch sin d’fhoilsitheoirí neamhspleácha a chuireann seirbhís ríthábhachtach ar fáil dár sochaí trí ábhar maith, úr, ceannródaíoch, spreagúil, claochlaitheach, agus fiú aisteach agus sainiúil in amanna, a fhoilsiú a bhogann saol na litríochta chun tosaigh le héagsúlacht, fionnachtain agus guthanna nua a chur chun cinn. B’amhlaidh a rinne Sylvia Beach spreagtha, dhúthrachtach agus nuálach le James Joyce. Táim ag súil go mór le buaileadh lenár n-aíonna inniu, agus go cinnte lenár n-aíonna sna seachtaine amach romhainn, le comóradh a dhéanamh ar thionscnaimh thábhachtacha phoiblí le dhá bhliain anuas agus le buíochas a ghabháil leo ar fad as a n-obair leanúnach chun sochair do shaoránaigh ár sochaí”.