Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Sraith Cóisirí Gairdín téamacha lena n-óstáil ag an Uachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín in Áras an Uachtaráin

Dáta: Mái 4th Mei, 2019 | 17:17

An samhradh seo, beidh Áras an Uachtaráin á oscailt arís don phobal ag an Uachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín, i gcomhair sraith cóisirí gairdín.

Eagraíonn an tUachtarán agus Saidhbhín na Cóisirí Gairdín téamacha chun leanúint le traidisiún ar chuir an tUachtarán de hÍde tús leis, agus chun ceiliúradh a dhéanamh ar na daoine agus na heagrais a bhíonn ag obair chun Éire níos cothroime, níos cuimsithí agus níos cruthaithí a chur chun cinn, i measc rudaí eile.  

Léiríonn téamaí na gCóisirí Gairdín na téamaí atá roghnaithe ag an Uachtarán Ó hUigínn i gcomhair a dhara téarma, ina measc gníomhú an tsaoránaigh, an rannpháirtíocht dhaonlathach agus an fhorbairt inbhuanaithe.  

  • Beidh an chéad Chóisir Gairdín ar siúl ar an 5 Meitheamh agus déanfaidh sé ceiliúradh ar chéad suí Dháil Éireann céad bliain ó shin.  


Ar feadh a chéad téarma bhí an tUachtarán Ó hUigínn ar cheann go leor den chomóradh suntasach a rinneadh ar an tréimhse 1912-1916. Tríd an imeacht ‘Dáil 100’ beidh ómós á thabhairt ag an Uachtarán dóibh siúd  a ghlac, trína misneach, an gníomh féinchinntiúcháin náisiúnta sin – mar ar thug an tUachtarán air – cruinniú na Chéad Dála. Déanann an t-imeacht ceiliúradh ar acmhainn ár ndaonlathais agus a bhfuil bainte amach aige, chomh maith.

  •  Lá an Teaghlaigh a bheidh ann Dé Sathairn, 8 Meitheamh, mar a ndéanfar ceiliúradh ar theaghlaigh ar fud na hÉireann, tuismitheoirí, seantuismitheoirí agus páistí san áireamh. Iarrfar ar theaghlaigh an grá agus an dlúthpháirtíocht a chuireann teaghlaigh ar fáil dúinn – de gach cineál agus ar gach bealach – a cheiliúradh.

 

  • Is é an Foréigean ar Bhonn Inscne an téama a bheidh ag an Tríú Cóisir Gairdín de chuid an Uachtaráin; díreoidh sé ar an ngá le deireadh a chur leis an bhForéigean ar Bhonn Inscne. Tarraingeoidh an tUachtarán aird ar Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 – comhionannas inscne a bhaint amach agus gach bean agus cailín a chumasú. Tá cuireadh tugtha ag an Uachtarán agus Saidhbhín do dhaoine atá ag obair in ionaid dídine agus in eagrais atá ag obair chun Coinbhinsiún Istanbul a chur i bhfeidhm , i.e. ‘ an foréigean in aghaidh na mban agus an foréigean teaghlaigh a chosc agus troid ina n-éadan’.

 

  • Ceiliúradh Bloomsday agus ealaíona agus chultúr na hÉireann a bheidh sa Chóisir Gairdín ar an 16 Meitheamh. In imeacht na bliana seo, beidh ceiliúradh á dhéanamh ar Éire ar an Scáileán, agus ómós á thabhairt dóibh siúd go léir a bhfuil baint acu le léiriúcháin teilifíse agus scannán.

 

  • Beidh an cúigiú Cóisir Gairdín ar siúl i mbliana ar an gCéadaoin an 19 Meitheamh agus is ceiliúradh a bheidh ann orthu siúd go léir atá i mbun oibre chun tacaíocht a thabhairt do theifigh agus dóibh siúd a bhfuil tearmann á lorg acu, iad ag teitheadh ón ngéarleanúint atá á déanamh orthu de bharr a gcine, a reiligiúin, a náisiúntachta, a ngrúpa sóisialta nó a dtuairimí polaitíochta.   

 

  • Dé hAoine 21 Meitheamh, beidh Ceolchoirm speisialta an Uachtaráin á hóstáil ag an Uachtarán lena ndéanfar ceiliúradh ar cheol tíre na hÉireann.  

 

  • Beidh Cóisir Gairdín á óstáil ag an Uachtarán agus Saidhbhín Dé Domhnaigh 23 Meitheamh mar chuid de thionscadal an Uachtaráin ‘Rannpháirtíocht agus Claochlú’, ina ndéanfar ceiliúradh ar obair Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus  Macra na Feirme.