Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

An tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn le Searmanas Cuimhneacháin a óstáil in ómós dóibh siúd a cailleadh de bharr COVID-19

Dáta: Dom 20th Már, 2022 | 10:08

Óstálfaidh an tUachtarán Mícheál D. Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín Searmanas Cuimhneacháin speisialta ag Áras an Uachtaráin “Le hÓmós a Thabhairt agus Cuimhneachán a Dhéanamh” dóibh siúd ar fad a cailleadh de bharr COVID-19, na daoine atá ag caoineadh a ndaoine muinteartha agus oibrithe ar an líne thosaigh. I measc na ndaoine a bheidh i láthair ag an ócáid beidh an Tánaiste, ceannairí páirtithe, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath agus líon áirithe oibrithe ar an líne thosaigh ó gach cearn den tír. 

Labhróidh an tUachtarán ag an ócáid agus ansin buailfear an Clog Síochána cúig huaire in ómós na ngrúpaí seo a leanas: 

  1. Dóibh siúd a cailleadh le linn COVID
  2. Do na daoine a rinne íobairtí le linn COVID
  3. Dóibh siúd a chaill daoine muinteartha le linn COVID 
  4. D’oibrithe ar an líne thosaigh
  5. Dóibh siúd a bhfuil COVID fós orthu. 

Beidh nóiméad ciúnais ansin. 

Mar chuid den searmanas, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín crann darach sa Ghairdín Cuimhneacháin in Áras an Uachtaráin mar leac chuimhneacháin orthu siúd go léir a cailleadh le linn na paindéime. Beidh Iarla Ó Lionáird agus Steve Cooney i mbun ceoil ag an ócáid. 

I ráiteas, dúirt an tUachtarán Ó hUigínn: 

“Is ócáid shollúnta í seo inniu, ina dtabharfaimid ómós do agus déanfaimid cuimhneachán ar na daoine ar fad a chailleamar, mar aon leo siúd a chaill amach ar an deis le slán ceart a fhágáil agus nárbh fhéidir leo scaoileadh lena gcumha. Smaoinímid ar an 6,600 duine a cailleadh de bharr COVID-19 sa tír seo le dhá bhliain anuas, smaoinímid freisin ar a dteaghlaigh atá ag caoineadh a mbásanna, agus orthu siúd a bhfuil COVID fós orthu. Inniu, táimid ag smaoineamh go háirithe ar an níos mó ná leathmhilliún duine sa tír seo a chaill daoine muinteartha le linn na paindéime, agus smaoinímid freisin orthu siúd atá ina gcónaí thar lear a d’fhulaing scaradh pianmhar óna gcuid agus a gcairde sa bhaile in Éirinn in am an chrá agus an bhróin. Cuimhnímid cé chomh deacair is a bhí sé nuair nach raibh spás ann don bhrón de bharr srianta sláinte, cé go raibh siad rachtanach le scaipeadh an víris a chiorrú. Smaoinímid freisin ar na cúramóirí sin a raibh orthu dul gan cuairteanna agus cúram a thabhairt dá muintir.  Dar ndóigh, níl deireadh tagtha le COVID go fóill. Tá an phaindéim fós rábach i go leor ceantar ar fud an domhain, go háirithe i dtíortha nach bhfuil rochtain forleathan ar vacsaíní iontu. Déanaimid comhbhrón ó chroí le muintir an 6 mhilliún duine thar timpeall an domhain a cailleadh de bharr an víris. Caithfimid leanúint lenár n-iarrachtaí trí mheán na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar shampla, le tacú le feidhmiú céimneach an vacsaíniú sna tíortha sin a bhfuil rátaí ísle vacsaínithe acu. Mar Ard-Rúnaí na hEagraíochta Domhanda Sláinte, mheabhraigh António Guterres dúinn arís agus arís eile le 24 mhí anuas nach bhfuil duine ar bith slán go dtí go bhfuilimid ar fad slán. Tá go leor daoin anseo in Éirinn agus in áiteanna eile atá fós ag streachailt le hiarmhairtí fadtéarmacha an víris, iad ag dul i ngleic leis na siomptóim leanúnacha agus an tuirse, atá mar fo-iarmhairt díblithe dar teideal ‘Long Covid’/’Covid Fada’. D’fhulaing daoine i slite eile freisin, tríd an leithlisiú, tríd na clocha mhíle a cailleadh amach orthu, tríd an teagmháil mhéadaithe ar bhagairt an fhoiréigin bhaile, agus in go leor slite eile. Táimid go mór faoi chomaoin ag ár n-oibrithe sa líne thosaigh agus éigeandála, ag na heagraíochtaí deonacha agus neamhrialtasacha a sholáthair tacaíochtaí riachtanacha d’íospartaigh agus do dhaoine leochaileacha, agus acu siúd ar fud ár bpobal a thug faoi ghníomhartha cineáltais agus seirbhíse.Ní féidir linn é a rá rómhinic: is lá é inniu le honóir a thabhairt dár n-oibrithe ar an líne thosaigh a chinntigh go raibh ár sochaí agus ár ngeilleagar ag feidhmiú ag an leibhéal is bunúsaí, ag soláthrú seirbhísí riachtanacha don mhaireachtáil, i gcás na sláinte agus an mhiondíola. Thug na hoibrithe go léir seo faoi cibé tasc a bhí os a gcomhair amach, in ainneoin na mbagairtí dá sláinte phearsanta. Feictear domsa go bhfuil aitheantas úr ann i measc an phobail don obair riachtanach nach mbíonn an luach ceart ná an tuarastal cuí á fháil aici. Agus muid ag teacht amach as dhá bhliain chrua na paindéime a raibh iarmhairtí le braith ag gach leibhéal - pearsanta, sochaíoch, cultúrtha agus eacnamaíoch - táimid faoi chomaoin ag íospartaigh na paindéime, mar aon leo siúd a chuir a sláinte i mbaol agus iad ag soláthrú seirbhísí riachtanacha, leis an deis seo a thapú agus machnamh a dhéanamh agus foghlaim ó na ceachtanna a d’ardaigh an phaindéim dúinn; ceisteanna a bhaineann leis na cineálacha éagsúla oibre, ach níos doimhne ná sin, ceisteanna a bhaineann leis an gcaoi a gcaithimid ár saol, an gaol atá againn lenár dtimpeallacht agus leis an nádúr, ár nasc leis an domhan. Tá sé tabhachtach go gcuimhnímid ar na slite ar leith a thángamar le chéile le tacú lena chéile, go háirithe leis na daoine is leochaileacha, thar tréimhse na paindéime. Nuair a smaoinímid siar ar an dá bhliain atá caite, impím orainn ar fad a bheith páirteach i bhforbairt na dlúthpháirtíochta, a léiríodh go cuimsitheach le linn na paindéime, leis an dlúthpháirtíocht a neartú, í a leathnú agus leis an dóchas a thógáil i dtodhchaí atá níos acmhainní, níos eiticiúla, níos cuimsithí agus níos inbhuanaithe sa domhain iar-phaindéime. B’fhéidir gurb é seo an t-ómós is oiriúnaí do na daoine a chuimhnímid orthu inniu. Ar an lá seo, nuair a thagaimid le chéile mar thír le smaoineamh ar na daoine sin a cailleadh, theastaigh uaimse agus ó Shaidhbhín searmanas a reáchtáil anseo in Áras an Uachtaráin, in éineacht le himeachtaí eile a bheidh ar siúl, agus ár dtacaíocht a thabhairt arís do dhaoine fud fad na tíre agus iad ag caoineadh a gcaillteanas ar an mbealach is oiriúnaí dóibhsean sa bhliain amach romhainn. Tuigimid go maith, áfach, nach féidir le siombal ar bith teacht in áit na ndaoine muinteartha, ná an deis a cailleadh le bheith leo agus ag déanamh bróin, agus ar an ábhar seo táimid dóchasach go gcuideoidh na heagraíochtaí agus na húdaráis éagsúla lena mothúcháin a léiriú. Tá súil againn go mbeidh searmanas an lae inniu mar fhoinse sóláis agus dlúthpháirtíochta dóibh siúd ar fad a d’fhulaing agus tá sé ar intinn againn go mbeidh an crann atá á chur againn sa Ghairdín Cuimneacháin in Áras an Uachtaráin ina shiombal seasmhach ar chuimhneachán na ndaoine a cailleadh”.