Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Rún na Dála in 1919 á chur i bhfeidhm ag an Uachtarán Ó hUigínn agus a bhean chéile Saidhbhín

Dáta: Céa 18th Nol, 2019 | 12:12

Tá rún de chuid na chéad Dála Éireann a tionóladh ar an 20 Lúnasa 1919 curtha i bhfeidhm anois trí thionscnamh an Uachtaráin Uí Uigínn agus a bhean Saidhbhín.

Tá ceadú tuarascála a mhol go gcuirfí 16 chrann mar chomóradh cothrom lae i gcuimhne na ndaoine a cuireadh chun báis in 1916 taifeadta i miontuairiscí Dháil Éireann, a tionóladh i dTeach an Ard-Mhéara 100 bliain ó shin.

Céad bliain ina dhiaidh sin, i searmanas gairid in Áras an Uachtaráin inniu, shuiteáil an tUachtarán Ó hUigínn agus a bhean Saidhbhín plaiceanna cuimhneacháin le hainmneacha na ndaoine sin a cuireadh chun báis tar éis Éirí Amach na Cásca.

Suiteáladh na plaiceanna ar feadh 16 chrann beithe a chuir an tUachtarán agus a bhean Saidhbhín Uí Uigínn i ngairdíní Áras an Uachtaráin, chun Éirí Amach na Cásca céad bliain ó shin in 1916 a chomóradh. 

Tá na crainn socraithe i bhfoirm corráin chun teacht le “Dearcán na nDaoine”, saothar ealaíne a chruthaigh Rachel Joynt agus a choimisiúnaigh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn mar chuid de chomóradh céad bliain 1916 an Stáit.  

Tá seachtar sínitheoirí Fhorógra na Poblachta sa tsraith thosaigh:

  • Séamas Ó Conghaile, Pádraig Mac Piarais, Seosamh Pluincéad, Tomás Ó Cléirigh, Seán Mac Diarmada, Tomás Mac Donnchadha, Eamonn Ceannt.

Tá an naonúr eile a cuireadh chun báis i leath choircail taobh thiar díobh:

  • Micheál Ó Mealláin, Liam Mac Piarais, Éamon Ó Dálaigh, Micheál Ó hAnnracháin, Seán Mac Giolla Bhríde, Seán Heuston, Conchúr Ó Colbaird, Tomás Ceannt, Ruairí Mac Easmainn.