Leabharlann na Meán

Eisiúintí Nuachta

Ócáid á hóstáil ag an Uachtarán agus ag Saidhbhín Uí Uigínn chun Lá Ióga na Náisiún Aontaithe a cheiliúradh

Dáta: Lua 20th Mei, 2016 | 10:14

20 Meitheamh 2016

 


Ar an 21 Meitheamh, beidh Áras an Uachtaráin á oscailt arís don phobal ag an Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn agus ag Saidhbhín Uí Uigínn, i gcomhair an 6ú himeacht i sraith Cóisirí Gairdín atá á tiomnú do théamaí éagsúla gach bliain. 

Le linn an tsamhraidh seo, cuirfidh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn fáilte roimh níos mó na 4,000 cuairteoir ó gach cearn d’oileán na hÉireann chuig na Cóisirí Gairdín in Áras an Uachtaráin i bPáirc an Fhionnuisce, chun saothar eagraíochtaí  i réimsí éagsúla – an cultúr, an tsaoránacht, an ghníomhaíocht phobail, agus an fhorbairt inbhuanaithe – a cheiliúradh. 

Shocraigh an tUachtarán agus Saidhbhín Uí Uigínn díriú ar théama an ióga agus na folláine i gCóisir Gairdín an 21 Meitheamh, mar cheiliúradh ar an dtraidisiún ársa a chuimsíonn aontacht intinne agus coirp, smaoinimh agus gnímh, mar a aithnítear ag na Náisiúin Aontaithe é.  

Leagfaidh an t-imeacht béim ar an lá atá ainmnithe ag na Náisiúin Aontaithe mar Lá Idirnáisiúnta an Ióga agus beidh roinnt mhaith de phobal Ióga na hÉireann chomh maith le daoine a bhfuil suim acu ióga a chur chun cinn mar mhodh folláine agus sásamh saoil i láthair.